Tarraingt annuas Oifigigh Cultúr agus Teanga 2010.
Tá sé mar aidhm ag Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, damhsa Gaelach, ceol, amhránaíocht agus cultúr Gaelach i gcoitinne.
Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúr curtha i bhfeidhm i gCumann Lúthchleas Gael.
Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil.
Tá Coistí bunaithe i ngach Cúige agus i ngach Contae.
Faoi láthair tá sé éigeantach go mbeadh Oifigeach Gaeilge/Cultúr i ngach Club sa tír.
Chun cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin tá dhá leabhar – An tOifigeach Gaeilge sa Chlub agus Leabhrán Téarmaí Gaeilge – foilsithe ag an gCoiste Náisiúnta, agus tá a lán ábhair eolais eile le fáil ó Pháirc an Chrócaigh.
Bíonn Seimineár á reáchtáil ag an gCoiste Náisiúnta do Oifigigh Gaeilge/Cultúr contae gach bliain le linn deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta.
Bíonn Tráth na gCeisteanna as Gaeilge a reáchtáil gach bliain le linn Seachtain na Gaeilge. Tosaíonn sé ag leibhéal an Chontae agus teann sé ar aghaidh go leibhéal an Chúige agus bíonn Comórtas Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh maidin Lá Fhéile Padraig roimh Cluichí Ceannais na gClub.
Tugann An Coiste Náisiúnta cabhair agus tacaíocht do eagrais eile atá ag obair chun an Gaeilge a chur chun cinn.
Is féidir breis eolais a fháil ó Pháirc an Chrócaigh - 018363222.
Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Senior Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship
