Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Bua eile ag Baile Átha Cliath

Fuair Con O Callaghan cúl deas do Bhaile Átha Cliath.

Fuair Con O Callaghan cúl deas do Bhaile Átha Cliath.

Le Conchúr Ó Sé

D’éirigh le Baile Átha Cliath Craobh Peile na hÉireann 2017 a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh ar scór 1-17 go 1-16 chun stair a chruthú agus iad  an chéad fhoireann chun an t-éacht seo a bhaint amach ó Chiarraí i 1986.

Ba é Dean Rock a bhí mar an laoch d’fhoireann Jim Gavin toisc gurb é a léirigh a chuid chruais ag buaileadh an scóir chinniúnach ó chic saor in am cúitimh sa dara leath chun an cluiche a bhuachan. Bhí ról lárnach ag Diarmuid Connolly, a bhí ar fhionraí d’fhormhór an tSamhraidh toisc gurb é a bhuaigh an cic chinniúnach d’fhear Bhaile Munna.

Seo é an chéad uair d’Áth Cliath trí as a chéile a bhuachan ó fhoireann na bliana 1923, rud a thógann chun tosaigh iad ar fhoireann Kevin Heffernan sna 1970idí.

Sárchluiche a bhí ann ó thús go deireadh le Maigh Eo ag tabhairt léargais cróga chun scrúdú ollmhór a thabhairt d’fhir na príomhchathrach. Bhí Maigh Eo an-ocrasach toisc nár bhuaigh siad corn Sam Maguire ón mbliain 1951.

Deirtear gurb é an rud is annamh ná an rud is iontach ach ní fheidhmíonn cás Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo mar sin toisc go mbuaileann siad go minic agus tugann siad léargais iontach dúinn uilig agus ní haon eisceacht é Craobh Peile na hÉireann inniu.

Thosaigh an cluiche ar nós na gaoithe agus bhí Baile Átha Cliath chun cinn laisitgh de 90 soicind le Con O’Callaghan ag aimsiú chúl isteach go Cnoc 16. Cúl gleoite indibhidiúil a bhí ann le fear Cuala ag piocadh suas liathróide ó Cian O’Sullivan ar an slad 45 agus ag rith leis ar a rothar thar chosaint ó Keith Higgins agus Colm Boyle chun an liathróid a shleamhnú isteach go cúinne chúl David Clarke.

Ceist a bhí ag déanamh scime do mhuintir peile na hÉireann roimh ré ná cé a bheidh ag marcáil cé le hintinní Jim Gavin agus bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford, i mbun chatha ar an taobhlíne. Lean Colm Boyle Con O’Callaghan le Lee Keegan ag piocadh suas treoraí na himeartha d’Áth Cliath, Ciarán Kilkenny. Bhí Cian O’Sullivan greamaithe ar an sliabh ó Bhréachmhaigh, Aidan O’Shea le Michael Fitzsimons ar phríomhdháinséir Mhaigh Eo, Andy Moran, a oscail chuntas Mhaigh Eo.

Ba léir go raibh an dá thaobh rúinne beag neirbhíseach ag an tús le roinnt botúin timpeall na páirce ar an lá mór. Lean Maigh Eo leis an mbrú ag aimsiú scóir ó Dónal Vaughan agus Kevin McLoughlin. Chuireadar go leor brú ar chiceanna amach Stephen Cluxton agus b’éigean dó an liathróid a sheoladh amach fada go lár na páirce, áit a raibh Maigh E oi gceannas d’fhormhór an chéad leath le hAidan O’Shea agus Tom Parsons ag obair go crua. Sa chéad leath níor bhuaigh na Dubs ach 8 as 14 dá gcuid chiceanna amach féin.

D'aimsigh Eoghan O’Gara pointe chun fir na príomhchathrach a bhrú pointe chun tosaigh leis an scór ag léamh 1-01 go 0-03 tar éis 15 nóiméad. Arís eile, bhí Maigh Eo ag oibriú go crua agus chuadar chun tosaigh ansin le Cillian O’Connor ag aimsiú pointe agus Andy Moran ag aimsiú dhá cheann eile. Bhí gluaiseacht cliste Moran ag cruthú iliomad fadhbanna do chosaint fhoireann Jim Gavin a raibh ag feidhmiú gan scuabadóir toisc gur bhrúigh O’Shea suas ar Cian O’Sullivan.

Lean an dá thaobh ag trádáil scóir le Jason Doherty agus Colm Boyle ag aimsiú do Mhaigh Eo agus John Small agus Dean Rock ag aimsiú d’Áth Cliath. Scór  den chéad scoth a bhí i scór Boyle, ag aimsiú lasmuigh dá dheasóg faoi Ardán Uí hÓgáin.

Faoi leatham bhí Maigh Eo chun tosaigh ar scór 0-09 go 1-05 agus bhí seo tuillte acu. Ba chóir go raibheadar níos mó chun tosaigh freisin toisc gur bhuail siad 5 iarrachtaí ar seachrán sa chéad 35 nóiméad.

Cé nach raibh Áth Cliath go rómhaith sa chéad leath, thosaigh siad ar nós traein ag tús an dara leath agus iad ag bailiú luais le Paul Mannion beomhar ag aimsiú an chéad scór. Bhí lámh aige i 3 den chéad ceithre scór dóibh sa dara leath ag aimsiú dhá cheann agus ag cruthú pointe do Dean Rock.

Thosaigh Jim Gavin ag baint úsáide as an mbinse láidir atá aige le Diarmuid Connolly agus Kevin McManamon ag teacht isteach in áit Paddy Andrews agus Eoghan O’Gara. Bhí tionchar láithreach ag McManamon ag aimsiú pointe cúig nóiméad istigh sa dara leath. Choimeád trí chiceanna saora ó Chillian O’Connor Maigh Eo díreach isteach sa chluiche agus an tréimhse chinniúnach ag teacht.

Le foireann Jim Gavin ag teacht chun cinn sa dara leath buaileadh buile mhillteanach orthu ansin nuair a d’aimsigh Lee Keegan cúl álainn i gcoinne sruth na himeartha. Bhuaigh Cillian O’Connor an liathróid os comhair Philly McMahon agus thug sé d’Andy Moran é, a phas do Lee Keegan a bhí ag rith ó dhomhain. Sheol sé roicéad ard isteach in eangach Cluxton chun Cnoc 16 agus muintir Átha Cliath a chiúiniú.

Ceann de na trádmharcanna atá ag Áth Cliath ná iad féin a choimeád socar agus iad i dtrioblóid agus bhí Diarmuid Connolly go hiontach nuair a bhí seilbh aige, ag tabhairt pasanna, ag aimsiú ardscór faoi ardbhrú agus ag baint úsáide chliste as a chuid seilbhe an t-am uilig.

Bhain Rock úsáid as a dhorn le pointe a aimsiú agus d’fhreagair Maigh Eo le scór den scoth ó chos chlé Kevin McLoughlin. Lean an patrún céanna seo ar aghaidh agus an cluiche ag dul i dtreo an starra deiridh.

Leis an dá thaobh cothrom arís eile tar éis scóir ó Dean Rock agus Cillian O’Connor bhreathnaigh sé ar nós go raibh cluiche athimeartha le bheith ann ach ní mar sin a bhí sé nuair a sheol Rock a iarracht ó chic saor sa nóiméad deireanach thar an trasnán chun gliondar croí a chur ar lucht na príomhchathrach agus muintir Mhaigh Eo a chur in ísle brí arís eile.

Leanann an gorta ar aghaidh do Mhaigh Eo agus iad fós san fhásach ach is cinnte go mbeidh siad ar ais arís eile an bhliain seo chugainn, ní ghéileann siad ariamh agus ní raibh ach cic liathróide eatarthu agus Áth Cliath. Do fhoireann Jim Gavin, críochnaíonn siad ar nóta ard don tríú bhliain as a chéile le Sam ag fanacht ar bhruachanna na Life. Stair cruthaithe acu agus daingníonn siad iad féin mar cheann de na foirne ab fhearr i stair Chumann Lúthchleas Gael.