Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2017

Paul Flynn agus Donal Vaughan san ath-imirt i 2016.

Paul Flynn agus Donal Vaughan san ath-imirt i 2016.

Le Conchúr Ó Sé

Buaileann Baile Átha Cliath agus Maigh Eo sa chluiche cinniúnach don dara bhliain as a chéile le fir na príomhchathrach sa tóir ar 3 Chraobh na hÉireann as a chéile agus Maigh Eo ag iarraidh deireadh a chur lena gcuid taibhsí a shíneann siar go dtí 1951.

De réir cosúlachta breathnaíonn foireann Jim Gavin go hiomlán caithréimeach agus iad ag dul suas in aghaidh ocras damanta Mhaigh Eo agus is fíor nach féidir le ceachtar den dá fhoireann dul oiread na fríde amú agus iad sa tóir ar Chorn Sam Maguire.

Cé go bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag Átha Cliath ceithre uaire ó 2011 tá bóthar fada le siúil acu sula bhféadfaí iad a chur san aicme chéanna le foireann Chiarraí ó 1975 go 1986 a bhuaigh ocht gCraobh faoi stiúir Mick O’Dwyer.

Bhuadar 4 Chraobh as a chéile idir 1978 agus 1982 agus trí Chraobh eile ansin idir 1984 agus 1986. Tá Átha Cliath ag súil go mbeidís an chéad fhoireann ón bpríomhchathair an t-éacht céanna a dhéanamh ó fhoireann na bliana 1923.

Is minic go ndéantar tagairtí don ‘mhallacht, más fíor é, agus daoine ag labhairt faoi fhoireann Mhaigh Eo agus an oiread crá croí a bhfuil braite acu thar na blianta. Níl Craobh na hÉireann buaite acu ó 1951 ach níl dabht ar bith ann gurb iad an dara fhoireann is fearr sa tír ó 2011. Ón mbliain sin, tá an bóthar ard fada siúlta acu le cluiche leathcheannais na hÉireann sroichte acu chuile bhliain ar a laghad.

Tá ceithre Chraobh na hÉireann imeartha acu ón mbliain sin, leis an gcluiche athimeartha i gcoinne Átha Cliath anuraidh curtha san áireamh. Thiteadar iontu uilig; Dún na nGall i 2012 agus Baile Átha Cliath sna blianta 2013 agus 2016. Maíonn Dlí na Meán gur chóir go n-athrófaí ádh Fhir an Iarthair agus feicfimid sin Dé Domhnaigh seo.

I mbliana, tá bealach na radharc tógtha ag fir Stephen Rochford tar éis dóibh cailliúint i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais Chonnachta. Beidh báire na fola Dé Domhnaigh an 10ú cluiche dóibh an Samhradh seo. Ní dhearna Maigh Eo rudaí éasca orthu féin agus ar a lucht leanúna le linn an tSamhraidh ach oiread; thóg Doire agus Corcaigh go ham breise iad sna babhtaí cáilithe sular bhuaigh Maigh Eo orthu.

Ní hamháin sin ach theastaigh cluichí athimeartha uathu agus iad ag imirt i gcoinne Ros Comáin sa chluiche ceathrú ceannais agus Ciarraí sa chluiche leathcheannais.

Gan amhras, tá seantaithí ag an bhfoireann seo ar an gcogaíocht a theastaíonn i dtrinsí chluichí cóngaracha. Bhíodar ag streachailt go luath sa Samhradh ach bhaineadar úsáid as a gcuid taithí agus glicis chun iad féin a stiúradh arís eile i dtreo an chluiche mhóir i mí Mheán Fómhair. D’fhógair siad iad féin mar iomaitheoirí suntasacha do choróin Átha Cliath nuair a bhuadar go h-éasca ar Ros Comáin sa chluiche athimeartha ar scór 4-19 go 0-9 le Keith Higgins agus a chomrádaithe go léir iontach an lá sin.

Ba chluiche níos deacra é an cluiche i gcoinne Chiarraí ach fuaireadar an lámh in uachtar ar fhoireann na Ríochta sa chluiche athimeartha ar scór 2-16 go 0-17. Bhí Maigh Eo go smior san athimirt sin le Colm Boyle ag léiriú a chuid crógacht agus tiomantas ar son na cúise agus bronnadh Laoch na hImeartha air. Ba chosúil go ndeachaigh Andy Moran in aois a óige arís toisc gur fhág sé cosaint Chiarraí ina ciar thuathail ag aimsiú 2-06 thar an dá chluiche sin agus ag buachan ciceanna saora dá chaptaen, Cillian O’Connor, lena chuid gluaiseachta cliste.

Ar an lámh eile d’éirigh le Baile Átha Cliath Cúige Laighean a láimhseáil go h-éasca i mbliana ag buachan Corn Uí Dhubhshláine den seachtú huair as a chéile chomh maith le greadadh a dhéanamh ar Mhuineachán sa chluiche ceathrú cheannais agus Tír Eoghain sa chluiche leathcheannais. Táthar ar tí iad fhéin a dhaingniú isteach i stair Chumann Lúthchleas Gael mar cheann de na foirne ab fhearr ariamh

Ceapadh go forleathan go dtabharfadh Tír Eoghain dúshlán mór d’fhoireann Jim Gavin ach ní mar sin a tharla sé leis na Dubs ag buachan go slachtmhar orthu ar scór 2-17 go 0-11. Ní raibh Tír Eoghain ábalta dul i ngleic leis an luas lasrach atá ar fud na páirce ag Átha Cliath. Bhí trúpaí Jim Gavin róchliste dóibh le húsáid na liathróide, ag baint úsáide as an bpáirc leathan agus ag tarraingt chosantóirí na Láimhe Deirge amach, rud a chruthaigh spás do leithéidí Jack McCaffrey damáiste a dhéanamh agus é ag dul ar ruathar ó dhomhain.

Is é Dean Rock príomhscórálaí na príomhchathrach le 3-24 aimsithe aige. Tá 3-53 ag Cillian O’Connor ina 9 gcluichí do Mhaigh Eo go dtí seo agus beidh tábhacht le chuile chic de chuid na beirte seo faoi dheireadh an 70 nóiméad.

Gan dabht, tá go leor acmhainní ar fáil ag Jim Gavin ar a bhinse agus is gné lárnach é seo i scuad Sheaimpíní na hÉireann. Is é Con O’Callaghan an dara scórálaí is mó atá ag Átha Cliath le 1-20 buailte aige ach tháinig 0-12 de seo in aghaidh Chill Dara i gcraobh Laighean agus díríonn sé seo ar thábhacht an bhinse. Fiáin chun imeartha, tá 1-13 buailte ag an mbinse sna trí chluiche dheireanacha. Is léir go bhfuil dianchomórtas inmheánach ann toisc nach bhfuair Bernard Brogan ná Michael Darragh MacAuley fiú nóiméad amháin an lá deireanach. Tá Gradam Imreoir na Bliana buaite ag an mbeirt seo, Brogan i 2010 agus MacAuley sa bhliain 2013.

Beidh sé spéisiúil breathnú ar cén chaoi a leagfaidh Gavin agus Rochford a gcuid foirne amach agus iad ag iarraidh an cath teaicticiúil a bhuachan ar an taobhlíne. Imreoidh Cian O’Sullivan mar scuabadóir d’Áth Cliath ach beidh Maigh Eo ag iarraidh a thionchar a laghdú os comhair na líne lánchúil, seans go gcuirfidís Aidan O’Shea ar fhear Chill Mochuda na Crócaigh.

Leis an sliabh ó Bhreacmhaigh ar fheabhas go dtí seo i mbliana beidh Jim Gavin ag smaoineamh faoi b’fhéidir Philly McMahon a chur air chun dul i ngleic lena chuid fisiciúlachta. Leanfaidh sé O’Shea má théann sé domhain ag lorg na liathróide agus is maith le McMahon seo toisc go bhfuil sé lán-ábalta scór dá chuid féin a aimsiú.

Beidh go leor cathanna eile timpeall na páirce agus is cosúil go mbreathnóidh limistéar lár na páirce ar nós láthair chatha faoi dheireadh an 70 nóiméad Dé Domhnaigh.

Tá go leor ceisteanna ag teacht aníos faoin gcluiche: cé a mharcálfaidh cé, an dtosóidh Diarmuid Connolly d’Áth Cliath, an mbeidh Maigh Eo ábalta déileáil le tionchar Stephen Cluxton, an bhfuil plean ag Átha Cliath de bhagairt O’Shea, Moran agus O’Connor agus an mbeidh foireann Rochford ábalta coimeád suas le luas innill fhoireann Jim Gavin?

Tá rud amháin cinnte. Cluiche den chéad scoth a bheidh ann idir dhá fhoireann a bhfuil an-chothrom. Tá ocras ar Mhaigh Eo ach breathnaíonn Átha Cliath craosach iad féin toisc an dianiomaíocht inmheánach i scuad Jim Gavin. Tá ceann scríbe bainte amach ag an dá fhoireann anois le Maigh Eo ag iarraidh na mallachta ó 1951 a dhíbirt agus Átha Cliath sa tóir iad féin a bhunú mar an fhoireann is fear ariamh ón bpríomhchathair. Ceangail bhur gcriosanna sábháilte le bhur dtoil, tá 70 nóiméad sceitimíneacha corracha ag síneadh romhainn!