Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Scéal glas agus dearg

Bainisteoir Maigh Eo Stephen Rochford.

Bainisteoir Maigh Eo Stephen Rochford.

Ní athraíonn mórán mar gheall ar an bpaisean atá ag na daoine áitúla don ghlas agus dearg. Ciallaíonn an gheansaí sin gach rud do muintir Mhaigh Eo.

Bhí 11,639 i bPáirc Mhic Éil ag iarraidh súil a chaitheamh ar fhir Stephen Rochford. Tar éis bua maith i Muineacháin bhí Maigh Eo ag iarraidh dhá phointe eile a chur isteach sa gcuntas. Níor tharla sé sin mar gheall go raibh Ciarraí lán le fuinnimh agus chumas chun tosaigh.

Mar is gnáth le Maigh Eo tá beagnach gach éinne ag caint faoi imreoirí ogá nua a fháil. Ní aontaíonn Rochford go huile agus go hiomlán le sin ach tabharfaidh sé deis do dhaoine i rith an tSraith Allianz.

Rinne Michael Solan sár jab le foireann cumasach faoi 21 i 2016. Tá Stephen Coen, Diarmuid O'Connor, agus Conor Loftus ar an bhfód cheanna féin, ach tá muintir Maigh Eo dóchasach go leanfáidh roinnt eile ón ngrúpa sin iad ag an léibhéal is airde.

Cinnte ghortaigh céard a tharla i bPáirc an Chrócaigh Maigh Eo mí Meán Fómhair seo caite. In ainneoin an droch scéal eile tá rud éigin difriúil ag Maigh Eo. Spiorad, croí, agus anam, bíonn siad i gcónaí ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh. Bhí brú orthu i gcoinne Doire, Condae an Chláir agus Corcaigh, go hárithe an samhradh seo caite ach sheas siad suas.

Sna hath imirtí i gcoinne Ros Comáin agus Ciarraí thaispeáin Maigh Eo stíl agus crógracht. Is é Ceann Arás an stáitse atú uathu i gcónaí, sin an áit a bhfuil siad ar a gcompord; tá aicsean déanta ag Lee Keegan, Aidan O'Shea, agus an sean fhondúir Andy Moran ann.

Níl aon amhras ach go bhfuil cluiche sraithe  i mí Feabhra i bhfad ó shin ach bhí pobal peile Maigh Eo ag iarraidh fíanaise a fheicéail i Caisleán an Bharraigh. Sin mar a bheas go brách.

An chéad ardán eile acu ná turas chuig Bóthar Na Trá ar an Domhnach. Beidh slua mór i Stáid an Phiarsaigh ag smaoineamh ar an 13ú de mí Bealtaine i Páirc Mhic Éil. Tabharfaidh an chluiche seo neart le macnamh air idir seo agus an craobh.