Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

70 bonn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha bronnta ar chlubanna ó fud fad na hÉireann

Muintir CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna in éineacht le Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael agus Seán O'Shea, Ambasadóir na Gaeilge, CLG

Muintir CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna in éineacht le Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael agus Seán O'Shea, Ambasadóir na Gaeilge, CLG

Bronnadh boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 70 club CLG ó gach cearn den tír, oíche Aoine, an 29 Samhain, 2024. Ba i bPáirc an Chrócaigh a bhí an ócáid bhronnta ar siúl agus rinneadh ceiliúradh ar thiomantas na gclubanna don Ghaeilge ag an ócáid.

D’éirigh le ceithre chlub an bonn óir a bhaint amach - Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir, Gaillimh, CLG Ghaoth Dobhair, Dún na nGall, Cumann Peile Cill na Martra, Corcaigh agus CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna, Áth Cliath.

Ina measc siúd a bhí i láthair ar an oíche bhí Ambasadóir na Gaeilge, CLG, Seán O'Shea.

Ag tagairt dó den Fhondúireacht dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG:

“Is cuid lárnach í an Ghaeilge de Chumann Lúthchleas Gael agus is scéim iontach í an fhondúireacht leis an Ghaeilge a chur chun cinn ann. Cúis mhór áthais dom go bhfuil an scéim seo ag gabháil ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana. Gabhaim buíochas mór lenár bpáirtnéirí sa scéim seo, Glór na nGael, a oibríonn go dian dícheallach ar an scéim ó cheann ceann na bliana.

“Déanaim comhghairdeas leis na clubanna uilig a fuair boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana. Déanaim comhghairdeas ach go háirithe leis na ceithre chlub ar bronnadh boinn óir orthu ag an ócáid. Tá éacht déanta acu uilig.”

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, go bhfuil fás leanúnach tagtha ar an scéim le blianta beaga anuas agus go bhfuil bronnadh na bliana seo ar an gceann is mó a eagraíodh go dtí seo.

“Baineann foireann Ghlór na nGael sult as moltóireacht na mbonn gach uile bhliain. Feicimid obair den chéad scoth ag dul ar aghaidh i gclubanna fud fad na tíre le spás don Ghaeilge a chinntiú ina gcuid cumann. Tugann Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha teimpléad dóibh leis an obair seo a dhéanamh agus tugtar aitheantas dóibh as an mhéid a bhaineann siad amach.

“Tá rath na scéime seo ag brath go hiomlán ar an chomhpháirtíocht sin idir na clubanna, Glór na nGael agus Páirc an Chrócaigh agus táimid iontach buíoch lenár gcairde i CLG as an chomhpháirtíocht leanúnach linn, agus as an obair a dhéanann siad féin ar an talamh leis na clubanna. Tá tionchar na comhpháirtíochta seo le feiceáil san fhás suntasach atá tagtha ar an mhéid bonn a bhronn muid i mbliana.”

Bhí ionadaithe ó na clubanna i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun glacadh lena ngradaim le bród. Is léiriú é seo ar a dtiomantas chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh dá gclubanna féin agus ina bpobail.

Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir Glór na nGael agus Cumann Lúthchleas Gael. Tá an chomhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus d’úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna de chuid CLG ar fud na tíre. Is fianaise iad na boinn seo a bronnadh ar iarrachtaí leanúnacha na gclubanna chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus chun a fás a chothú i measc a mball agus a bpobal.

Ní hamháin go n-aithníonn an ócáid seo éachtaí na gclubanna, ach neartaíonn sé freisin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn tríd an spórt.

Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg