Clár faisnéise faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024
Dé Luain, 30 Nollaig ag 8:55pm ar TG4
Tá Cumann Peile Chill na Martra, láthair Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024, suite i measc na gcnoc i nGaeltacht Mhúscraí. Deireadh seachtaine lán de chomhluadar agus craic a bhíonn ann ina dtugann suas le 800 imreoir, 31 foireann agus na mílte lucht tacaíochta faoin aistear chuig tionól mór samhraidh phobal na Gaeltachta.
Sa chlár seo, Ag Triall ar Chill na Martra, tabharfar spléachadh ar na daoine atá lárnach i bpríomhfhéile bhliantúil na Gaeltachta. Beimid i dteannta imreoirí agus bainisteoirí fhoirne peile Chill na Martra agus na Rinne agus iad páirteach i gCraobh Shinsear na bhFear. Caithfimid seal, freisin, in éineacht le foirne Pheil na mBan Chlann na nGael i gContae na Mí agus mná Mhícheál Breathnach atá tagtha as Cois Fharraige i gCo. na Gaillimhe le bheith páirteach i gCraobh na Sóisear.
Is é seo an dara huair ag pobal Chill na Martra ag reáchtáil an chomórtais. Reáchtáil siad den chéad uair é sa mbliain 2005. Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol ó shin agus creideann lucht eagraithe an chomórtais i gCill na Martra go bhfuil an bhuaic sroichte ag an gcomórtas anois ó thaobh méid de. Le linn an chláir, beimid i dteannta lucht eagraithe an chomórtais chun léargas pearsanta a fháil ar an dua agus ar na dúshláin, ar an mórtas áite, ar an gcraic agus ar an gceiliúradh a bhíonn i gceist le linn na féile speisialta pobail seo.
Ná caill Ag Triall ar Chill na Martra Dé Luain, 30 Nollaig, ar 8:55pm ar TG4.