Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

An chéad chaibidil eile de Chill Chainnigh in aghaidh Thiobraid Árann romhainn tráthnóna

Tabharfaidh Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Mionúir na hÉireann inniu

Tabharfaidh Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Mionúir na hÉireann inniu

An chéad chaibidil eile de Chill Chainnigh in aghaidh Thiobraid Árann romhainn tráthnóna

Le Jamie Ó Tuama

Tá lá mór na hiomána ag grád na mionúr buailte linn i bPáirc Uí Nualláin UPMC tráthnóna agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann réidh gabháil chun catha le haghaidh Chorn an Irish Press agus le bheith ina seaimpíní uile-Éireann do 2024.

Tá 21 cinn de chraobhacha uile-Éireann buaite ag an dá fhoireann iomána seo agus iad beirt ar bharr an rolla onóra. Comharsana béal dorais iad freisin, dar ndóigh, agus beidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile, rud a d’fhágfadh ar bharr an rolla onóra leo féin iad ag deireadh an lae inniu.

Seo é an 46ú huair ar fad do Chill Chainnigh Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach ag an ngrád seo agus é buaite go deireanach acu sa bhliain 2014. Chaill siad cluichí ceannais 2018, 2019 agus 2020. Beidh siad ag iarraidh an taoide a chasadh inniu agus cúrsaí a chur ina cheart.

Maidir leis na Tiobraidigh, seo é an 35ú huair dóibh a bheith i gCluiche Ceannais na hÉireann ag an ngrád seo agus bhuaigh siad go deireanach é dhá bhliain ó shin – a gcéad chraobh mionúr ó 2016 i leith.

Ó imríodh an chéad chraobh iomána uile-Éireann ag grád na mionúr thiar sa bhliain 1928, chas na contaetha seo ar a chéile 14ú huair ar fad sa chluiche ceannais. Tá na foirne cothrom le seacht gcinn de bhuanna an taobh acu, rud a thabharfaidh spreagadh breise dóibh an beart a dhéanamh inniu.

Ba sa bhliain 2002 a thug na foirne aghaidh ar a chéile go deireanach i gcluiche ceannais nuair a d’éirigh leis na Cait an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic an lá sin ar scór 3-15 go dtí 1-07.

Bóthar chun an chluiche ceannais – Cill Chainnigh

Ó cuireadh tús le craobh 2024 thiar i mí an Mhárta d’éirigh leis na Cait an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i ngrúpa Laighean ach chaill siad in aghaidh Loch Garman agus in aghaidh Átha Cliath sa ghrúpa céanna. D’fhág sé sin i gCluiche Ceathrú Ceannais Laighean iad áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar Chill Dara ar scór 4-16 go dtí 0-15. D’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh arís eile i gCluiche Leathcheannais Laighean sular bhain siad díoltas amach ar Áth Cliath sa chluiche ceannais ar scór 1-13 go dtí 1-09.

Ba in aghaidh an Chláir a bhí siad ina dhiaidh sin i gCluiche Leathcheannais na hÉireann coicís ó shin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 2-23 go dtí 2-20.

Bhí Jake Mullen an-tábhachtach d’fhoireann Niall Bergin go dtí seo agus 4-52 ar fad aimsithe aige sa seacht gcluiche atá imeartha aige. Is cinnte go mbeidh siad ag brath ar fhear na Seamróg Baile Héil arís inniu má tá siad leis an mbeart a dhéanamh.

Bóthar chun an chluiche ceannais – Tiobraid Árann

Le cluiche ceannais an lae inniu a bhaint d’éirigh le Tiobraid Árann buanna a fháil ar Chorcaigh, ar Phort Láirge agus ar Luimneach i ngrúpa na Mumhan ach chaill siad ar scór 4-11 go dtí 0-19 in aghaidh an Chláir le linn an ghrúpa chéanna. Bhí a ndóthain déanta acu leis an gcluiche ceannais a bhaint amach mar sin féin agus d’éirigh leo díoltas a bhaint amach ar na Cláirínigh i gCluiche Ceannais na Mumhan nuair a fuair siad an ceann is fearr orthu ar scór 2-17 go dtí 0-16.

Ba in aghaidh na Gaillimhe a bhí siad i gCluiche Leathcheannais na hÉireann ina dhiaidh sin, áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 1-24 go dtí 0-26 agus gan ach an t-aon chúilín amháin agus scaradh na bhfoirne.

Is cinnte go mbeidh foireann James Woodlock ag brath ar éachtaí Eoghan Doughan má tá siad leis an mbeart a dhéanamh inniu. 0-40 atá aimsithe ag fear Mhuine Gall sa chraobh go dtí seo.

Ní fios cé a bhuafaidh Corn an Irish Press tráthnóna ach rud amháin atá cinnte ná go mbeidh sárchoimhlint idir fhathaigh seo na hiomána inniu. Bainimis taitneamh as an scléip atá amach romhainn. An iomáint abú.