Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

An tAgallamh Mór – Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG

Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge, CLG, ag seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe sa bhliain

Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge, CLG, ag seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe sa bhliain

An tAgallamh Mór – Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Áine Uí Choinn

Le Jamie Ó Tuama

Rinneadh an t-agallamh seo roimh phreasócáid do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 i bPáirc an Chrócaigh ag deireadh mhí Bealtaine.

Is iomaí ról a bhí ag Uachtarán reatha Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, sa Chumann ag leibhéal an chlub agus ag leibhéal náisiúnta. I measc na rólanna sin, chaith sé seal mar Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG. Coiste é seo atá fíorthábhachtach don Chumann agus tuigeann Iarlaith go maith an tábhacht a bhaineann leis óna thaithí féin ar an gCoiste.

Is í Áne Uí Choinn, de bhunadh Thír Eoghain ó dhúchas, atá ag cur fúithi ar an Mhullach Bhán le fada an lá atá mar Chathaoirleach nua ar Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG. Tá Áine bainteach go smior lena club baile agus í ag cur chun cinn na Gaeilge agus Scór ann le fada. Bíonn sí le cloisteáil ar laethanta móra cluichí sa Pháirc Lúthchleasaíochta in Ard Mhacha agus í i mbun na bhfógraí a léamh amach.

Shuigh GAA.ie síos le hÁine le gairid lena cuid tuairimí a fháil maidir lena bhfuil beartaithe ag Coiste Náisiúnta Gaeilge, CLG, uaidh seo go ceann trí bliana. Seo mar a d’fhreagair Áine ár gcuid ceisteanna.

Ceist: Cén chaoi ar airigh tú nuair a ghlaoigh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, ort le fiafraí díot an mbeifeá sásta a bheith i do Chathaoirleach nua ar Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael?

Áine: Bheul, tháinig sé aniar aduaidh orm mar ní raibh a fhios agam go raibh an scairt sin ag teacht ar chor ar bith. Ar ndóigh, onóir mhór atá ann caithfidh mé a rá, pribhléid atá ann agus níor shíl mé go mbeinn insa chathaoir seo. Mar a deirim tháinig sé aniar aduaidh orm.

Ní raibh mé ag smaointiú ar a leithéid. Chaith mé mo shaol ag gabháil don Ghaeilge is dóiche, ‘is ag obair leis an Ghaeilge agus ag obair go deonach le Cumann Lúthchleas Gael agus le Scór go háirithe. Ar na mallaibh tá mé ag gabháil do na fógraí i bPáirc na Lúthchleasaíochta, Ard Mhacha. Ó bhí mé i mo mhac léinn bhí mé ag obair ag teagasc ranganna Gaeilge i mo chlub féin i gcontae Thír Eoghain ach níor shíl mé go bhfaigheann a leithéid de scairt. Tá mé iontach sásta.

Ceist: Luaigh tú dhá rud ansin atá an-bhainteach le ról an Oifigigh Ghaeilge agus Chultúir – Scór agus a bheith i mbun na bhfógraí sa Pháirc Lúthchleasaíochta. Cé chomh fada siar ‘is a théann an ceangal sin atá agat le Scór? Cén chaoi ar tharla go raibh Scór i do shaol an chéad lá?

Áine: Seo rud, agus déanaimse cuid mhór smaointiú air seo. Iarradh orm an post sin a dhéanamh oíche amháin. Ní thiocfadh le duine éigin a bheith i láthair. Ghlac muid páirt i Scór nuair a bhí mé óg ag tráth na gceisteanna ach bhí mé i mo shuí sa teach oíche amháin agus cuireadh scairt orm. Bhí duine inteacht tinn agus ní thiocfadh leis Scór a dhéanamh oíche amháin.

Ní raibh a fhios agam an bealach le gabháil ina bhun nó rud ar bith fá dtaobh de. Bheul, bhí a fhios agam go raibh an comórtas ann ach iarradh orm a bheith ag a leithéid seo de halla ar a hocht a chlog oíche Shathairn agus mar a deir an Béarla – The rest is History!

Rinne mé an jab an oíche sin agus ansin iarradh orm é a dhéanamh arís agus go dtí seo rinne mé cuid mhór babhtaí de Scór Uladh agus rinne mé cúpla babhta de Scór uile-Éireann fosta, ceann i nDoire agus ceann thiar i gCaisleán an Bharraigh. Bainimse an-sult as agus bainim sult go háirithe as Scór na nÓg, caithfidh mé a rá.

Is iontach an rud é páistí óga a fheiceáil ag teacht amach agus an oiread sin bróid acu ina gclubanna féin agus an oiread sin dúthrachta acu agus iad ag iarraidh rud éigin a chur ar an ardán agus rud beag Gaeilge a labhairt.

Mhothaigh mé ar na mallaibh, go háirithe i gcúige Uladh, le fás na Gaelscolaíochta go mbíonn i bhfad níos mó, agus tá mise ag gabháil dó seo le b’fhéidir 25 bliain anois, páistí ag teacht ar an ardán agus iad ag canadh i nGaeilge anois ná mar a bhíodh 20 bliain ó shin. Bainimse an-sult as. Ní miste liom gabháil amach oíche Dhomhnaigh agus bainim sult go háirithe as an amhránaíocht aonair. Níl a fhios agam cad chuige ach bainimse an-sult as sin.

Bronnadh á dhéanamh ag Liam Ó Néill, Iar-Uachtarán CLG, ar Áine Uí Choinn tar éis di a bheith ina bean tí ag Babhtaí Ceannais Scór na nÓg 2013 i nDoire

Bronnadh á dhéanamh ag Liam Ó Néill, Iar-Uachtarán CLG, ar Áine Uí Choinn tar éis di a bheith ina bean tí ag Babhtaí Ceannais Scór na nÓg 2013 i nDoire

Ceist: Tá fás ag teacht ar líon na n-iarratas Gaeilge ag Scór de réir a chéile. Céard a d’fhéadfadh le rannóga nó réimsí eile i gCumann Lúthchleas Gael a fhoghlaim faoin gcur chuige dátheangach seo a bhíonn ag Scór.

Áine: An rud is maith liomsa faoi sin ná go bhfuil páirt le himirt ag Scór insa Ghaeilge a normalú sa chlub. Tchím páistí óga ar ardán agus iad ag ceol i nGaeilge agus is rud normalta é sin. In amannaí tugann daoine béalghrá don Ghaeilge ach i mo bharúil féin sílim gur chóir don Ghaeilge a bheith fite fuaite frí achan rud a dhéanann muid sa chlub.

Is deas an rud páistí a chluinstin ag caint Gaeilge agus daoine fásta ag caint leo agus iad ag gabháil ar an ardán. Roimhe seo bhíodh duine ag teacht ar an ardán agus bhíodh siad ag déanamh nach mbeadh a fhios agat an t-amhrán mar gur i nGaeilge a bhí sé. Tá sé sin uilig iontach coitianta anois – go bhfuil a fhios ag achan duine na hamhráin i nGaeilge agus go bhfuil an traidisiún sin beo ar fad ar an ardán achan bhliain. Tá sé galánta a fheiceáil.

Ceist: Maidir le Coiste Náisiúnta na Gaeilge féin beidh téarma trí bliana agaibh. Céard iad na mórspriocanna atá leagtha amach ag an gCoiste?

Áine: Tá muid ag obair ar an phlean straitéiseach atá ag Cumann Lúthchleas Gael. Tá an Ghaeilge luaite ansin. Tá plean ann don Ghaeilge insa straitéis sin agus caithfidh muid inne cloí leis an phlean sin.

Ar ndóigh, is eagraíocht spóirt Cumann Lúthchleas Gael agus tá an Ghaeilge mar chuid, mar a dúirt mé cheana féin, tá an Ghaeilge fite fuaite insa Chumann le rudaí ar nós Scór. Ba mhaith liomsa a fheiceáil go mbeidh muid ag comhoibriú leis na daoine uilig, leis na coistí eile a bhfuil baint acu leis an Chumann.

Ag lá traenála anseo bhí muid ag caint le Cathaoirleach an Choiste Staire agus tá cuid mhór le déanamh ansin. Tá cuid mhór comhoibrithe a thiocfadh linn a dhéanamh leis an choiste Staire agus le Coiste Scór mar shampla. Tá an-aithne agam ar Phaula (Mhig Aoidh) atá ina Cathaoirleach ar Choiste Náisiúnta Scór agus beidh muid ag comhoibriú le chéile.

Ba mhaith linn an Ghaeilge a normalú sa chlub. Sin an cineál sprice atá againn. Tá a fhios againn go bhfuil comharthaí againn i nGaeilge, go dtiocfadh linn cur leis an mhéid fógraíochta a dhéanann muid i nGaeilge, go dtiocfadh linn labhairt le clubanna faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus níos mó clubanna a mhealladh le páirt a ghlacadh insa scéim sin.

Ceist: Le 252 club páirteach san Fhondúireacht anuraidh is dócha go bhfuil sé ar cheann de na scéimeanna is mó Gaeilge dá bhfuil ann. Mar sin féin, glacann suas le 500 club páirt i Scór gach bliain. An mbeadh sé réalaíoch go mbeadh an líon céanna clubanna ag glacadh páirte san fhondúireacht agus atá i Scór uaidh seo go ceann cúpla bliain?

Áine: Sílim go bhfuil, agus ag an chéad chruinniú bheartaigh muid go mbeadh níos mó de ról ag an Choiste sa scéim agus go nglacfadh muid líon áirithe clubanna orainn féin le cuidiú le Glór na nGael.

An cineál eispéiris a bhí agam féin leis an Fhondúireacht ná iarradh orm gabháil agus páirt a ghlacadh ann. Ní duine mé a rachadh amach agus a rá, tá mise anseo. Tá mé ag iarraidh cuidiú ach fios a bheith agam cén cuidiú atá de dhíth. Sílim go bhfuil cuid mhór daoine in sna clubanna a bheadh sásta sin a dhéanamh ach caithfidh muid iarradh orthu. Sílim go gcaithfidh muid gabháil chuig na daoine a bhfuil Gaeilge acu agus a rá, ‘cad é a thig leatsa a dhéanamh le cuidiú linn’, agus sílim go gcaithfear sin a dhéanamh ar bhonn pearsanta.

Ní chuireann daoine iad féin chun tosaigh in amannaí. Sílim go gcaithfidh tú gabháil amach chucu agus ceist dhíreach a chur orthu agus iarraidh orthu a bheith páirteach.

Ceist: Tá siad ag iarraidh cúnaimh agus bíonn faitíos orthu an cúnamh a lorg?

Áine: Go díreach!

Áine Uí Choinn in éineacht le Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael, agus Aedín na Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan, ag Bronnadh Gradam Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025

Áine Uí Choinn in éineacht le Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael, agus Aedín na Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan, ag Bronnadh Gradam Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025

Ceist: Tá muid anseo inniu agus muid tar éis go leor imreoirí a fheiceáil a bheidheas ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Tá an nasc idir Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG neartaithe le cúpla bliain anuas. Cé chomh tábhachtach ‘is atá sé go mbeadh a leithéid seo d‘fhéile ann?

Áine: Tá sé tábhachtach do Chumann Lúthchleas Gael féin mar arís an rud sin, an normalú, go bhfuil daoine anseo agus iad ag labhairt Gaeilge. Ní thabharfadh duine ar bith faoi deara go raibh rud ar bith as casán anseo inniu. Bhí achan duine istigh. Bhí siad ag caint Gaeilge. Bhí cúpla duine ag caint Béarla ar ndóigh é ach ag an am céanna bhí muid anseo. Bhí an Ghaeilge chun cinn. Bhí achan duine sa tseomra ábalta sult a bhaint as an lá agus craic a bhaint as an Ghaeilge agus is rud coitianta é sin agus ba mhaith linn sin a leathnú amach.

Bhí sé galánta an méid daoine óga a fheiceáil anseo inniu agus Gaeilge acu uilig agus iad iontach sásta ionadaíocht a dhéanamh ar an chlub s’acu féin agus iad ar bís leis an chomórtas seo. Is iad Cill na Martra a bheidh mar chlub baile i mbliana. Bíonn sé iontach tábhachtach acusan agus sílim go mbeidh deireadh seachtaine ar dóigh thíos i gcontae Chorcaí i mbliana.

Ceist: Nuair a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta thart beidh an Coiste ag díriú ar na GAAgaeilge Go Games is dócha? D’fhéadfadh suas le ceithre nó cúig chéad páiste a bheith ann agus deis acu imirt ar an talamh beannaithe. Beidh an deis sin acu de bharr na Gaeilge. Cé chomh tábhachtach ‘is atá sé go mbeadh buntáiste breise don Ghaeilge sa Chumann?

Áine: Ar ndóigh, tchím na páistí eile ar scoil a thagann ó thíortha eile, a thagann ón Liotuáin nó cibé áit, bíonn siad i bhfad níos fearr ag achan teanga má bhíonn an dara teanga acu. Tchí tú sin agus is cuimhin liom daichead bliain ó shin nuair a thoisigh mé amach ag teagasc bhí daoine ag rá liom ‘cad é an mhaith an Ghaeilge a bheith agam’? Sílim go raibh caint ag an am sin ar an Common Market agus go mbeadh Fraincis agus Spáinnis agus achan rud de dhíth ort.

Anois chí tú daoine anseo, faigheann siad lá mór i bPáirc an Chrócaigh mar go bhfuil Gaeilge acu. Tá teanga ar bith ina bhuntáiste ag duine ar bith. Tá sé galánta do theanga féin a bheith agat agus a bheith ábalta cluiche a imirt fríd an teanga fosta.

Ceist: Tá struchtúir iontacha ag Cumann Lúthchleas Gael ón Ard-Chomhairle síos chuig na cúigí, go dtí na contaetha agus uaidh sin go dtí na clubanna agus na baill. Caithfidh tú a dhéanamh cinnte go bhfuil an chumarsáid i gceart mar sin féin le go ngabhfadh an teachtaireacht an bealach uilig síos. An aontófa leis sin?

Áine: Luaigh an tUachtarán nuair a bhí sé ag caint ní ba luaithe, chuir seisean a mhéar air sílim féin, nuair a dúirt seisean gurb é an bainne an rud is tábhachtaí chan an t-uachtar. An bainne an rud is tábhachtaí agus dá dtiocfadh linne gabháil amach agus labhairt leis na daoine in sna clubanna atá ag gabháil don obair agus labhairt leofásan faoi na dóigheanna go díreach leis an Ghaeilge a thabhairt isteach don chlub.

Fógraíocht a dhéanamh ar Twitter nó ar Instagram nó Facebook, cibé fógraíocht acu. B’fhéidir roinnt frásaí a thabhairt díofá le go dtiocfadh leo fógraí a chur amach ar FB nó cibé. Mar shampla, bíonn Big Breakfast ag achan chlub ar fud na hÉireann. Thiocfadh le duine ar bith, níl duine ar bith ar an oileán seo nach dtuigfeadh na focal ‘Bricfeasta Mór’. Thiocfadh linn fógra a chur amach má tá tú ag gabháil dó seo caithfidh tú na focal seo a úsáid nó bainigí úsáid as na focla seo.

Tá a fhios agat Aedín (Ní Bhriain) atá ar an Choiste s’againn fosta, bíonn cúinne na Gaeilge aicise ag cluichí na Mumhan, rudaí mar sin go dtiocfadh linn an Ghaeilge a leathnú amach rud beag ach sílim go gcaithfidh muid gabháil chuig na daoine atá ag obair ar an talamh mar a déarfá. Ní fiú fógra a chur amach ó Pháirc an Chrócaigh ag rá go gcaithfidh tú seo agus siúd a dhéanamh.

Sílim go gcaithfidh muid inne gabháil amach agus clubanna áirithe, b’fhéidir rud éigin sóisialta, cuireadh a thabhairt do na daoine a theacht anseo do lá agus labhairt leo faoi seo.

Bhí preasócáid do Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mí Bealtaine seo caite

Bhí preasócáid do Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mí Bealtaine seo caite

Ceist: Tá os cionn 50 club ann atá i dteideal cur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Cé chomh tábhachtach ‘is atá sé go mbeadh muid ag cur acmhainní Gaeilge ar fáil do na clubanna sin?

Áine: Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach. Caitear rud éigin a dhéanamh sa dóigh 'is go mbeidh daoine ábalta fios a bheith acu cé hé an duine nó cé hí an duine i bPáirc an Chrócaigh le labhairt leis nó léi le sin a eagrú agus b’fhéidir rud éigin a chur amach chuig na clubanna agus a rá, ‘sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach’. Dá ngabhfá isteach chuig cuid mhór clubanna Béarla tchífeá fógraí i nGaeilge.

Ceist: Seans go mbaineann sé sin leis an rud a luaigh muid faoi na struchtúir. B’fhéidir nach bhfuil ag éirí leis an teachtaireacht a ghabháil ón mbarr anuas chuig na baill?

Áine: Sin go díreach é. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte go bhfuil an t-eolas sin amuigh ansin ag daoine.

Ceist: I gceann trí bliana, cé nach bhfuil tú tosaithe ceart fós, céard ba mhaith leat a a bheith bainte amach agat le linn an tréimhse seo?

Áine: Tá a fhios agat an rud galánta sin, ‘tá áit ann dúinn uilig ann’. Ba mhaith liom a leithéid a bheith ann, tá áit ann don Ghaeilge in achan áit, go bhfeiceann daoine go bhfuil, go dtiocfadh leo, is cuma cad é an rud a dhéanann siad, ach go ndéanann siad rud éigin don Ghaeilge agus go dtiocfadh linn labhairt leis na clubanna agus a fháil amach cad é atá déanta agat leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus níl mé ag caint ar ranganna!

In amannaí bíonn tú ag caint le daoine agus bíonn siad ag iarraidh go mbeadh ranganna Gaeilge in sa chlub achan oíche Luain nó mar sin. Sílim go bhfuil daoine dubh dóite le ranganna ar scoil, go mbíonn siad ag iarraidh an scoil a fhágáil ina ndiaidh ach tá mise ag smaointiú ar na daoine mar shampla a bhíonn ag obair ag an bhricfeasta mór, go mbeadh Gaeilge acu, go mbeadh muid ábalta a rá go dtiocfadh leat a gabháil isteach chuig club ar bith, áit ar bith in Éirinn agus go gcluinfidh tú cúpla focal Gaeilge ó na daoine atá ag obair ar an talamh.

Ceist: Tá go leor seirbhísí agus acmhainní Gaeilge ar fáil ó Chumann Lúthchleas Gael ach iad a lorg. An mbeadh sé i gceist ag an gCumann cur leis na seirbhísí agus na hacmhainní seo sna blianta atá le teacht?

Áine: Tá mé an-sásta go bhfuil obair faoi lán seoil againn ar leabhrán téarmaíochta CLG. Is obair leanúnach í seo nuair a smaoiníonn tú ar na hathruithe uilig atá ag tarlú sa Chumann faoi láthair. Tá fís ag baill an choiste go mbeidh an leabhrán in úsáid i ngach club ar fud na tíre amach anseo.

Tá muid ag amharc fosta ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní atá á dtairiscint againn do bhaill CLG. Tá plean straitéiseach idir lámha againn a leagfaidh amach an dóigh a dtiocfadh linn cur leis an tairiscint sin le cuidiú le daoine an méid Gaeilge atá acu a úsáid go laethúil sa chlub.

Ceist: Go raibh maith agat, a Áine, agus go n-éirí an t-ádh leat le do théarma.

Áine: Go raibh maith agat