Is é Jack McCaffrey an duine is deireanaí le páirt a ghlacadh sa tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Níl fear Chluain Tarbh 26 bliain d’aois fós ach tá cúig bhonn uile-Éireann buaite aige le hÁth Cliath. Bhuaigh sé trí ghradam All-Star le linn an ama sin, freisin, agus tá sé ainmnithe do ghradam eile i mbliana mar aitheantas ar a chuid éachtaí le linn 2019.
Bhuaigh sé gradam ‘Imreoirí Óg na Bliana’ sa bhliain 2013 agus bhuaigh sé gradam ‘Imreoir na Bliana’ sa bhliain 2015. Tá sé ar an ngearrliosta do ‘Imreoir na Bliana’ i mbliana. Níl mórán sa chluiche nach bhfuil buaite aige.
Seo a leanas mar a d’fhreagair Jack ár gcuid ceisteanna nuair a cuireadh faoin spotsholas é mar chuid den tsraith seo:
Ainm: Jack McCaffrey
Aois: 25
Slí bheatha: Dochtúir
Club: Cluain Tarbh
Contae: Áth Cliath
An scannán is fearr leat? Grand Budapest Hotel
An banna ceoil is fearr leat? The Coronas
An áit is fearr leat? Páirc an Chrócaigh
An bia is fearr leat? Sceallóga agus stéig.
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile le m’athair i bPáirc Naomh Áine
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Stephen O’Shaughnessy
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Faoi 12, an bhliain a bhuaigh muid Corn Kevin Ahern i Naomh Olaf
An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Stephen Cluxton
An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Michael Murphy
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais na hÉireann, 2019
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Corn Sam Maguire a bhuachaint sa bhiain 2019
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Chuamar chomh fada le Cluiche Leathcheannais Peile Átha Cliath sa bhliain 2015. Bhí mí-ádh orainn agus chailleamar in aghaidh Bhaile Buadáin le pointe amháin. Tá súil agam go mbeidh muid in ann an caighdeán sin a aimsiú arís.
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: M’athair
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain taithneamh as spórt
Aon chaitheamh aimsire eile? Ag léamh, dul go dtí an phictiúrlann agus mo scíth a ligean le mo chairde
Gluais / Glossary
Sraith – Series
Bonn – Medal
Gradam – Award
Ainmnithe – Nominated
Aitheantas – Recognition
Éacht – Achievement
Gearrliosta – Shortlist
Spotsholas – Spotlight
Sceallóga – Chips
Stéig – Steak
Caighdeán – Standard
Pictiúrlann – Cinema
Scíth a ligean – To rest