Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Ard Mhacha v Gaillimh – Roinnt Fíricí Fánacha

Pádraic Joyce agus Kieran McGeeney sa chluiche craoibhe idir na foirne thiar i 2001

Pádraic Joyce agus Kieran McGeeney sa chluiche craoibhe idir na foirne thiar i 2001

Le Jamie Ó Tuama

Níl ach lá amháin fágtha go dtí an lá mór i bPáirc an Chrócaigh – Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann 2024 agus Ard Mhacha in aghaidh na Gaillimhe. Breathnaíonn muid anseo ar roinnt fíricí fánacha a bhaineann leis an dá fhoireann seo le cabhrú libh an t-am a líonadh!

Imreoidh Ard Mhacha i gCluiche Ceannais na hÉireann don chúigiú huair Dé Domhnaigh. D’éirigh leo craobh amháin a bhuachan thiar sa bhliain 2002 faoi stiúir Joe Kernan agus bhi siad mar thánaistí sna blianta 1953, 1977, agus 2003.

Is é seo an 24ú huair do Ghaillimh a bheith i gCluiche Ceannais na hÉireann. Tá naoi gCraobh ar fad buaite acu agus tá siad sa tríú háit ar an rolla onóra taobh thiar d’Áth Cliath (31) agus de Chiarraí (38). Ba sna blianta 1925, 1934, 1938, 1956, 1964, 1965, 1966, 1998 agus 2001 a bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Rinne siad éacht idir 1964 agus 1966 nuair a d’éirigh leis an tsárfhoireann a bhí acu an chraobh a bhuachan trí bliana i ndiaidh a chéile.

Ba i mí Eanáir na bliana 1926 a bhuaigh Gaillimh a gcéad chraobh – Craobh 1925! Bhí go leor athimirtí an bhliain sin chomh maith le roinnt achomharc ar thorthaí áirithe, rud a d’fhag nár críochnaíodh craobh na bliana sin go dtí an bhliain dár gcionn.

14 cinn de Chraobhacha Uladh atá buaite ag Ard Mhacha agus 50 cinn de Chraobhacha Chonnacht atá buaite ag Gaillimh.

D’imir na foirne in aghaidh a chéile 6 uair ar fad sa chraobh – i 2001, 2013, 2015, 2022, 2023 agus sa bhliain 2024. Bhuaigh Gaillimh ceithre cinn de na cluichí sin, bhuaigh Ard Mhacha ceann amháin agus chríochnaigh an cluiche a imríodh idir na foirne i mbliana ar comhscór. Thóg sé ciceanna éirice ar Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha i 2022. Ba i 2001 a d’imir siad in aghaidh a chéile sa chraobh den chéad uair. Bhí Kieran McGeeney agus Pádraic Joyce ag imirt an lá sin!

Má bhuann Ard Mhacha Dé Domhnaigh, bronnfaidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, Corn Shomhairle Mhig Uidhir ar fhoireann a bhfuil a mhac, Jarly Óg Burns, ag imirt leo. Níor tharla a leithéid sin riamh i stair Chumann Lúthchleas Gael cé go ndeachaigh an tUachtarán Gaillimheach, Seosamh Mac Donncha, an-ghar dó! D’imir a mhac, Eoin, i gcluichí ceannais mionúir agus f21 na hÉireann le linn a thréimhse uachtaránachta ach, faraor, níor éirigh leis na foirne sin ar an lá.

Bhí Ard Mhacha ar an gcéad fhoireann as cúige Uladh le craobh uile-Éireann a buachan. Bhuaigh siad Craobh Shóisear Peile na hÉireann 1926 (a imríodh sa bhliain 1927) nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Áth Cliath ar scór 4-11 go dtí 0-04.

Chaith bainisteoir buacach Ard Mhacha i 2002, Joe Kernan, seal ina bhainisteoir ar Ghaillimh idir na bliana 2009 agus 2010.

Roinnt fíricí fánacha dhaoibh…