Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael gurb é William Maher atá ceaptha mar Cheannasaí Náisiúnta Iomána CLG.
As Tiobraid Árann, bhí Maher sáite agus báite ina chlub, Baile an Gharraí, ar feadh a shaoil. Rinne sé éacht thar na bearta nuair a d’éirigh leis Craobh Iomána Mionúr na hÉireann a bhuachan le Tiobraid Árann agus é ina chaptaen ar an bhfoireann sa bhliain 1996. 16 bliain ina dhiaidh sin d’éirigh leis an t-éacht céanna a dhéanamh mar bhainisteoir ar fhoireann mionúr Thiobraid Árann.
Tá Maher fite fuaite le cúrsaí cóitseála agus chaith sé sealanna éagsúla mar chóitseálaí agus mar bhainisteoir ag leibhéil an chlub agus an chontae i dTiobraid Árann, i bPort Láirge, in Áth Cliath, i Laois agus i gCill Chainnigh.
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin; ‘Tá áthas an domhain orm go bhfuil duine leis an oiread mianach agus taithí le William Maher ceaptha ina Cheannasaí Náisiúnta Iomána againn. Is post fíorthábhachtach é an post seo atá ag croílár ár straitéise maidir leis an chluiche a chosaint sna háiteanna ina bhfuil sí láidir. Tá sé fíorthábhachtach fosta do chur chun cinn na hiomána in áiteanna nach bhfuil sí chomh láidir céanna iontu, agus in áiteanna a bhfuil gá le tuilleadh cothaithe agus forbartha a dhéanamh iontu.
‘Is í an iomáint ár gcluiche náisiúnta agus tá aitheantas ar leith bainte amach aici ó UNESCO. Tá muid tiomanta do chinntiú go mbeidh an tacaíocht chuí ag William agus ag Coiste Forbartha na hIomána le go bhféadfadh siad dul chun cinn suntasach a dhéanamh chomh maith le deis a thabhairt don oiread daoine agus a thig linn taitneamh a bhaint as an iomáint agus í a imirt.’
Dúirt Cathaoirleach Choiste Forbartha Iomána CLG, Terry Reilly: “Ó rinneadh athruithe ar Choiste Forbartha na hIomána i mí Aibreáin na bliana seo caite bhí an t-athcheapachán seo ar Cheannasaí Náisiúnta Iomána mar phríomhthosaíocht againn. Tá an-áthas orainn go bhfuil muid in ann a dheimhniú daoibh gurb é William Maher atá ceaptha againn sa ról.
‘Tosóidh William sa ról seo leis an gCumann i mí Aibreáin agus de bharr na taithí proifisiúnta agus an tsaineolais atá aige ar an iomáint, tá muid ar bís gurb eisean a bheidh ag tiomáint an chláir oibre maidir leis an bplean straitéiseach agus maidir le cur chun cinn agus forbairt na hiomána go náisiúnta.’
Dúirt William: ‘Cúis mhór bhróid dom an ceapachán seo mar Cheannasaí Náisiúnta Iomána. Cosúil le go leor daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin, bhí ról fíorthábhachtach ag an iomáint i mo shaol i gcónaí. Tá mé ar bís faoin dúshlán atá amach romham maidir leis an iomáint a fhás agus a chothú agus tá mé ag súil go mór, freisin, le deiseanna a aimsiú le gabháil i mbun oibre i gcomhar leis an gCumann Camógaíochta agus muid ag forbairt ár gcluichí.
‘Tuigim go maith cé chomh mór agus atá an dúshlán agus an ról seo agus tuigim go bhfuil riachtanais éagsúla ag lucht na hiomána ag brath ar cén áit sa tír ina bhfuil siad. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara uilig agus muid ag forbairt ár gcluichí.’
William Maher - Beathaisnéis
- Club: D’imir agus rinne Maher bainistíocht ag gach leibhéal ina chlub, Baile an Gharraí.
- Idirchontae: Ina chaptaen ar fhoireann bhuacach mionúr Thiobraid Árann sa bhiain 1996. D’imir sé le foireann f21 Thiobraid Árann agus d’imir sé leis an bhfoireann shinsear i Sraith Iomána Allianz freisin. Bhí air éirí as de bheith ag imirt de bharr drochghortú súile sa bhliain 2002.
- Cóitseáil – ag tosú amach: Thosaigh Maher amach mar chóitseálaí lena chlub, Baile an Gharraí, agus chaith sé seal ina dhiaidh sin mar roghnóir le foireann mhionúr Átha Cliath sa bhliain 2008.
- Foirne mionúr agus f21 Thiobraid Árann: Bhí sé ina roghnóir ar fhoireann f21 Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann sa bhliain 2010. Bhi sé ina bhainisteoir ar fhoireann mionúr Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann sa bhliain 2012.
- Foireann Shinsear Phort Láirge: I mí Dheireadh Fómhair 2013 chuaigh Maher isteach le Derek McGrath agus le foireann bhainistíochta iománaithe Phort Láirge.
- Bainisteoir f21 Thiobraid Árann: Ceapadh Maher ina bhainisteoir ar fhoireann f21 Thiobraid Árann i mí na Samhna, 2015.
- Bainistíocht ag leibhéal an chlub: Bhí Maher ina bhainisteoir ar Dhroichead Beinéad i gCill Chainnigh agus ceapadh é ina bhainisteoir ar Chuala in Áth Cliath i 2018, áit ar bhuaigh sé dhá chraobh chontae i ndiaidh a chéile.
- Foireann Shinsear Iomána Laoise: Ceapadh Maher ina bhainisteoir ar fhoireann shinsear iomána Laoise i mí Mheán Fómhair 2022. Le linn dó a bheith ina bhainisteoir orthu d’éirigh leo Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhaint amach i 2024, áit a bhfuair Uíbh Fhailí an ceann is fearr orthu ach gan ach oiread na fríde idir na foirne. D’éirigh sé as a ról i mí Iúil 2024.