Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Comhpháirtíocht Eisceachtúil le CLG, Cumann Imreoirí Gael agus Gaelchultúr seolta

Comhpháirtíocht Eisceachtúil idir Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Imreoirí Gael agus Gaelchultúr seolta

Comhpháirtíocht Eisceachtúil idir Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Imreoirí Gael agus Gaelchultúr seolta

100 Scoláireacht Ghaeilge d’Imreoirí Idirchontae na gCluichí Gaelacha

Cúis mhór bhróid do Chumann Lúthchleas Gael, Chumann na nImreoirí Gael agus do Ghaelchultúr, an soláthraí oideachais Gaeilge is mó ar domhan, comhpháirtíocht spreagúil nua a fhógairt chun 100 scoláireacht a thairiscint d’imreoirí idirchontae. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht nuálaíoch seo an gaol seanbhunaithe idir an Ghaeilge agus na cluichí Gaelacha a neartú trí bhealaí nua a chruthú d’imreoirí athcheangal a dhéanamh leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn.

Tá tacaíocht á tabhairt ag an gCumann Camógaíochta agus ag Cumann Pheil na mBan don togra seo freisin agus táthar ag súil go mbainfidh gach imreoir idirchontae de chuid na gcluichí Gaelacha leas as an scéim.

Cuirfidh na scoláireachtaí ar chumas na laochra spóirt seo luí isteach ar an nGaeilge agus a bheith ina n-ambasadóirí don teanga taobh istigh dá bpobail, dá gcontaetha agus dá bpobail.

Tá an tionscnamh eisceachtúil seo ag teacht sna sála ar staidéar náisiúnta a rinne Gaelchultúr le déanaí inar léiríodh go bhfuil fonn suntasach ar phobal na hÉireann feabhas a chur ar a gcumas sa Ghaeilge. De réir an staidéir, tá aiféala ar 66% de dhaoine fásta in Éirinn nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus tá fonn ar 74% acu a gcumas sa teanga a fheabhsú.

Léiríodh luach na Gaeilge i saol cultúrtha na hÉireann sa suirbhé céanna mar d’aontaigh 73% de na freagróirí go bhfuil an Ghaeilge riachtanach d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus dúirt 70% acu go mbeadh cultúr na hÉireann in áit na leathphingine dá huireasa.

Agus é ag caint ag an seoladh, léirigh Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, cé chomh tógtha agus atá sé leis an gcomhpháirtíocht seo: ‘Bhí sé mar sprioc ag CLG de shíor pobal agus féiniúlacht a chothú, agus tá ár gceangal leis an nGaeilge lárnach san aidhm seo. Trí na scoláireachtaí seo, léireoidh ár n-imreoirí trí eiseamláir gur cuid bheo dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus gur cheart dúinn í a cheiliúradh agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.’

Agus an chomhpháirtíocht nua á plé aige, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, ‘Tugann an comhoibriú seo le CLG agus GPA deis ar leith d’imreoirí an gaol atá acu leis an nGaeilge a neartú. Trí mhórphearsana spóirt a chumasú le bheith ina n-ambasadóirí don teanga, ní hamháin go bhfuilimid ag cur an Ghaeilge chun cinn ach táimid ag neartú na nasc domhain cultúrtha idir ár gcluichí náisiúnta agus an teanga atá i gcroílár ár bhféiniúlachta.’

Leag Tom Parsons, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael (GPA), béim ar thábhacht an tionscnaimh chomh maith, ‘Cosúil lenár gcluichí, tá an Ghaeilge mar chuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Mar sin, tá an-áthas orainn dul i mbun páirtnéireachta le CLG agus le Gaelchultúr leis na deiseanna seo a chur ar fáil dár gcuid ball. Tá súil agam go spreagfar na daoine siúd a bhfuil ardmheas acu ar ár mbaill, agus a bhreathnaíonn orthu le haghaidh dea-shampla, lena gcuid ’cúpla focal’ a úsáid agus go mothódh siad gur leo an teanga, rud a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge chomh láidir agus a bhí riamh amach anseo.’

Is cúis mhór bhróid é seoladh na comhpháirtíochta seo do na heagrais chuí, agus Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG faoi stiúir Áine Uí Choinn san áireamh, agus iad ag obair le chéile chun a chinntiú go mbeidh rath ar an nGaeilge ar an bpáirc imeartha agus sa phobal i gcoitinne.

Beidh deis ag 100 imreoir idirchontae tús a chur lena n-aistear foghlama Gaeilge i gcúrsaí bríomhara idirghníomhacha ón tseachtain dar tús an 14 Deireadh Fómhair 2024.