Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cúig churadh nua Ghaeltachta tar éis scléip dheireadh na seachtaine i gCill na Martra

Bhuaigh Naomh Muire, Íochtar na Rosann, Craobh na Sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar an deireadh seachtaine

Bhuaigh Naomh Muire, Íochtar na Rosann, Craobh na Sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar an deireadh seachtaine

Le Jamie Ó Tuama

Tháinig deireadh le Comórtas Peile na Gaeltachta tráthnóna Dé Luain tar éis deireadh seachtaine den chéad scoth peile. Tar éis 26 cluiche agus tar éis na scléipe uilig tá cúig churadh nua Ghaeltachta againn.

Ba iad Clann na nGael ó Chontae na Mí a thug leo Corn na Sóisear i gComórtas na mBan tar éis taispeántais den chéad scoth ó Molly Canny, ó Chailín Nic Dhonncha agus ó Ali Scurlóg ach go háirithe. Chríochnaigh an cluiche ar scór 1-12 go dtí 2-02.

Ba iad Baile Chláir na Gaillimhe a thug leo Corn na Sinsear i gComórtas na mBan tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní 2023, An Tearmann, ar scór 3-09 go dtí 1-08. Ba í Andrea Trill is mó a sheas amach do mhuintir Bhaile Chláir na Gaillimhe agus d’aimsigh sí 2-06 ar fad.

An tráthnóna roimhe, d’éirigh le Naomh Abán an corn nua idirmheánach a thabhairt leo tar éis dóibh buachan ar Naomh Conaill ar scór 1-08 go dtí 1-03. D’aimsigh Gráinne Ní Mhurchú 0-06 ar fad d’fhoireann Mhúscraí.

Ba iad na Conallaigh a thug leo comórtais na bhfear. Bhí an bua ag sárfhoireann Naomh Muire, Íochtar na Rosann, ar Lios Póil i gcluiche ceannais na sóisear ar scór 3-13 go dtí 2-10 agus bhí an-áthas ar Dhónal Ó Doibhlin an corn a chrochadh in airde ar son mhuintir Íochtar na Rosann. Bhí Eoin Ó Máirtín agus Fiontán Ó Dochartaigh ach go háirithe thar cionn do Naomh Muirne.

Bhuaigh Cill Chartha Comórtas Sinsear na bhFear don seachtú huair tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Anna Leitir Móir ar scór 0-20 go dtí 1-08. Bhí Stiofán Mac Breartaigh, Eoin Mac Aodha agus Marc Mac Aodha an-mhaith do mhuintir Chill Chartha.

Is i Ráth Chairn na Mí a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2025.