Teachtaireacht Uachtarán Chumann Lúthhcleas Gael, Iarlaith Ó Broin
Cothrom an lae inniu 140 bliain ó shin, tháinig grúpa daoine le chéile i seomra beag in óstán i nDurlas Éile le fís a chruthú fá choinne féiniúlachta spórtúla do mhuintir na hÉireann.
Ní raibh a fhios acu ag an am, ach spreagfadh an fhís sin a scaip Cíosóg, Ó Daimhín agus a gcomhghleacaithe ó Óstán Uí Aodha in 1884, na milliúin duine agus ghabhfadh sí i bhfeidhm go mór ar an náisiún.
Dhéanfaí athbheochan agus tarrtháil ar ár gcuid cluichí glórmhara, atá lán de scileanna draíochtúla agus atá dúchasach dár dtír, agus bheadh tóir orthu ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana i saol na hÉireann.
Phacáil muintir na hÉireann leo an grá a bhí acu do na cluichí Gaelacha i measc a gcuid giuirléidí agus thug siad leo na cluichí sin chuig níos mó ná caoga tír taobh amuigh d’Éirinn. Chruthaigh siad gréasán de níos mó ná 500 club atá suite i mbeagnach gach cearn den domhan.
Tá an Cumann beo beathach i 1,600 club ar fud na hÉireann – clubanna atá ag croílár a gcuid pobal áitiúil agus ina bhfuil na mílte duine ag feidhmiú go deonach, ar thús cadhnaíochta iontu. Tá na daoine seo tiomanta do bheith gníomhach ar mhaithe le rud atá i bhfad níos mó ná iad féin, chomh maith le cultúr a chruthú ina bhfuil Áit Dúinn Uilig Ann.
Ar an lá seo, tugann muid buíochas dóibh siúd uilig a chruthaigh an rud atá againn inniu.
Ónár ndaoine muinteartha nach bhfuil linn a thuilleadh, agus atá á leanúint go bródúil againn, go dtí na daoine óga a bhfuil muinín againn astu ár dtraidisiúin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.
Tugann muid buíochas dár gCluichí, dár gCultúr agus dár Muintir.
Is muidne Cumann Lúthchleas Gael.
Go raibh míle maith agaibh.