Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Dúshlán Mór Céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG 2025

Bímis ag siúl i mí Eanáir!

Bímis ag siúl i mí Eanáir!

Tá dúshlán mór céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG ag filleadh arís agus tugtar cuireadh do chlubanna agus do phobail ar fud na tíre a bheith gníomhach ann agus ceangal a chruthú lena bpobail trí thacú lena gclubanna ar feadh cúig seachtaine, ag tosú ar 8 Eanáir.

  • De réir thuarascáil Irish Life, Health of the Nation 2024, níl muid chomh gníomhach céanna agus a bhíodh agus tá muid níos scoite amach ón bpobal ná mar a bhíodh.
  • Bhí ardú de níos mó ná 1,000,000 ciliméadar i ndúshlán mór céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG i 2024 ar an mbliain roimhe – de réir aip MyLife.
  • Chláraigh 970 club de chuid CLG i 2024 – ardú 181 club ón mbliain roimhe agus bhí 125 club ann ó chúige Chonnacht, 317 ó chúige Laighean, 268 ó chúige Mumhan agus 263 ó chúige Uladh.  

Seo é an séú bliain de Dhúshlán Mór Céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG a bheith ar an bhfód. Is í aidhm an togra ná sochaí níos folláine a chruthú trí dhaoine ó gach cearn den tír a spreagadh le teacht le chéile trína gcuid clubanna agus a bheith ag siúl ar feadh cúig seachtaine.

Togra náisiúnta is ea an dúshlán seo a bheidh ar siúl idir 8 Eanáir agus 12 Feabhra 2025. Páirtnéireacht atá ann le Ireland Lights Up agus beidh sé á óstáil ar aip sláinte agus folláine Irish Life, MyLife. Beidh na rannpháirtithe in ann taifead a choinneáil dá gcuid ciliméadar ar an aip.

De réir thorthaí Thuarascáil Irish Life, Health of the Nation 2024, tá 60% de dhaoine fásta in Éirinn róthrom agus deir triúr daoine fásta as gach cúigear faoi 35 go n-airíonn siad uaigneach agus leo féin. D’fhonn tabhairt faoi na deacrachtaí sláinte agus uaignis seo, tá dúshlán mór céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG ag moladh don phobal páirt a ghlacadh i siúlóidí eagraithe timpeall a gclubanna gach seachtain le nósanna nua sláinte a chruthú chomh maith le rannpháirtíocht shóisialta a spreagadh ina gcuid pobal.

Le linn Dhúshlán Mór Céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG 2024 bhí ardú 10,000 duine le feiceáil sa líon daoine a ghlac páirt ann ón mbliain roimhe agus ghlac 40,000 duine ar fad páirt ann. Níos suntasaí fós, bhí ardú mór ar an líon daoine idir 18-39 a ghlac páirt ann. Shiúil na rannpháirtithe uilig os cionn 6.6 milliún ciliméadar le linn 2024 – ardú suntasach aon mhilliún ar an mbliain roimhe.

Duaischiste de €30,000 ar fad atá le buachan ag clubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael ó Irish Life. Cuirfear gach club a shiúlann os cionn 4,000 ciliméadar isteach i gcrannchur. Beidh trí bhuaiteoir i ngach cúige agus beidh €2,500 mar dhuais ag na clubanna sin.

Cuireadh tús leis an togra seo le linn Covid le daoine a spreagadh le bheith gníomhach agus le bheith sóisialta. Ó 2021 i leith, tá an togra ag gabhail ó neart go neart agus bhí 970 club páirteach ann anuraidh, rud a léiríonn an mhaitheas a bhaineann le Dúshlán Mór Céimeanna Irish Life Chlubanna Folláine CLG ar fud na tíre.

Tá sochair ar fiú €50m don tír iad ag baint le Clár Chlubanna Folláine Irish Life CLG de réir taighde neamhspleách a rinne Just Economics sa bhliain 2023. Léiríonn an taighde na buntáistí sláinte agus folláine a bhaineann leo siúd a ghlacann páirt ann agus an méadú i ngníomhaíocht fhisiciúil go háirithe.

Tá sé d’aidhm ag Irish Life an togra seo a fhás agus tacaíocht a thabhairt do phobail a bheith gníomhach tríd an gclár spraíúil seo. Cabhraíonn an togra leis na rannpháirtithe saol níos gníomhaí agus níos folláine a bhaint amach dóibh féin agus is féidir an dul chun cinn a thomhas ar aip MyLife de chuid Irish Life.

Buaiteoirí 2024

Connachta

  • CLG agus Cumann Camógaíochta Chinn Mhara – 4,099.7km / 37 rannpháirtí 
  • Club Iománaíochta Bearna Na Forbacha, Gaillimh - 15,266.56km / 76 rannpháirtí
  • Gaeil na Sionainne, Ros Comáin – 8,900.5km / 50 rannpháirtí

Laighin

  • Cumann an Chloigthí Lusca, Áth Cliath - 19,080.9km / 110 rannpháirtí
  • Cumann Peile an tSódain, An Mhí - 6,091.6km / 31 rannpháirtí
  • Naomh Breandán Gráinseach Ghormáin, Áth Cliath - 10,785.2km / 52 rannpháirtí

An Mhumhain

  • Baile Uí Dhonnchú GAA, Ciarraí - 9,219.1km / 58 rannpháirtí
  • Cumann Iomána Bhaile Mhic Gonair, Port Láirge - 17,527.6km / 106 rannpháirtí
  • CLG na Cille, Ciarraí – 5,883.8km / 28 rannpháirtí

Ulaidh

  • Cumann Uí Chonaill Tulaigh Sharáin, Ard Mhacha - 20,303.2km / 87 rannpháirtí
  • CLG Chill Ria, Doire – 11,931.7km / 70 rannpháirtí
  • Naomh Éanna An Ómaigh, Tír Eoghain – 8,860.3km / 51 rannpháirtí