Lá brónach do lucht leanta Átha Cliath a bhí ann Dé Luain, 4 Samhain, nuair a d’fhógair an fathach mór peile, James McCarthy, go raibh sé ag eirí as painéal peile Átha Cliath.
D’imir James cluiche craoibhe le foireann shinsear Átha Cliath don chéad uair thiar sa bhliain 2011 faoi stiúir Pat Gilroy agus ó shin leith bhí se lárnach i mbuanna móra na Dubs. 9 gcraobh uile-Éireann atá buaite ag fear Bhaile Munna chomh maith le 14 de chraobhacha Laighean agus cúig cinn de Shraitheanna Náisiúnta Allianz. Bhuaigh sé Craobh f21 na hÉireann le hÁth Cliath sa bhliain 2010 faoi stiúir Jim Gavin. 6 ghradam All-Star ar fad a bhuaigh sé.
Bhuaigh sé Craobh Peile Átha Cliath agus Laighean lena chlub Ciceam Bhaile Munna sa bhliain 2012 agus bhuaigh sé craobh eile contae sa bhliain 2020, le linn Covid.
Mac é James le John McCarthy a d’imir le hArm Heffo le linn na seachtóidí a bhuaigh trí cinn de chraobhacha uile-Éireann.
Áirítear James, ní hamháin i measc na bpeileadóirí ab fhearr a d’imir le hÁth Cliath riamh ach, i measc na bpeileadóirí ab fhearr ó chontae ar bith a d’imir peil Ghaelach.
An bhfeicfear a leithéid arís?