Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

John O'Mahony ar shlí na fírinne

John O'Mahony agus é ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo

John O'Mahony agus é ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo

Thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, aitheantas agus ómós do John O'Mahony a d'imigh ar shlí na fírinne Dé Domhnaigh tar éis dó a bheith tinn le tamall gairid anuas.

As Cill Mobhí, agus Bealach an Doirín níos faide anonn, bhuaigh an múinteoir scoile agus Teachta Dála ina dhiaidh sin, bonn uile-Éireann mionúr le Maigh Eo agus d'éirigh go hiontach leis agus é ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo, ar Liatroim agus ar Ghaillimh. Bhuaigh Liatroim a gcéad Chraobh Chonnacht ó 1927 i leith sa bhliain 1994 le John ag an stiúir agus, ina dhiaidh sin, d'éirigh le Gaillimh Corn Shomhairle Mhig Uidhir a bhuachan don chéad uair le 32 bliain sa bhliain 1998 le John ann mar bhainisteoir. Bhuaigh John agus Gaillimh Corn Mhig Uidhir arís sa bhliain 2001. Bhí go leor laethanta móra ag John lena scoil Coláiste Naithí chomh maith. Bhuaigh sé Craobh f21 na hÉireann le Maigh Eo sa bhliain 1983 agus bhuaigh sé Craobh Chonnacht le foireann shinsear Mhaigh Eo sa bhliain 2007.

Dúirt Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin: “Rinne John O’Mahony an t-uafás ar mhaithe leis an pheil Ghaelach agus áirítear é i measc na sárbhainisteoirí ar nós leithéidí Heffernan agus O’Dwyer. Tá a chuid éachtaí le feiceáil go soiléir agus cuimhníodh air go geanúil cibé áit a ndeachaigh sé. D'éirigh leis an oiread a bhaint amach de bharr an scil a bhí aige a ndícheall a mhealladh as daoine agus an scil a bhí aige daoine a tharraingt le chéile ar mhaithe leis an sprioc chéanna.

"Bhí sé paiseanta faoi na cluichí Gaelacha agus a bheith ag cuidiú le daoine lán a gcumais a bhaint amach. Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh sé inár measc agus ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile, Gerardine, lena iníonacha Gráinne, Niamh, Rhona, Deirdre agus Clíodha, lena mhuintir agus lena chairde uilig.

"Suaimhneas síoraí da anam."