Le Jamie Ó Tuama
Ghlac os cionn 350 peileadóir óg ó chlubanna Gaeltachta, ó Ghaelscoileanna agus ó chlubanna agus scoileanna eile páirt i mbliotsanna faoi 11 ag na GAAgaeilge Go Games a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inné. Ina gcomhluadar ar an lá, bhí Ambasadóir Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Seán O’Shea, agus é ag spreagadh na bpáistí a bhí i láthair!
I measc na gclubanna agus na scoileanna a bhí páirteach ann bhí Cárna Caiseal, Ros Muc agus Naomh Séamus ó Ghaillimh. Bhí Laochra Loch Lao, Gaelscoil Mhic Lionnáin, Gaelscoil Bhreifne, Gaoth Dobhair agus Gleann tSúilí ann ó chúige Uladh. Bhí Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, CLG Dhún Doire, Gaelscoil Chluain Dolcáin agus Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Chonaill ann ó chúige Laighean agus bhí Naomh Abán, Béal Átha an Ghaorthaidh, Cumann Caide na Gaeltachta, Piarsaigh Na Dromada agus An Ghaeltacht ó Phort Láirge ann ó chúige Mumhan.
Ba iad Rannóg Cumarsáide CLG, Oifigigh Ghaeilge na Mumhan agus Uladh a d’eagraigh na GAAgaeilge Go Games i gcomhar le Rannóg um Fhorbairt na gCluichí Náisiúnta, CLG.
Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do chlubanna as ceantair eile Ghaeltachta agus as Gaelscoileanna eile.