Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Ré nua i ndán don pheil Ghaelach

Na bainisteoirí ó chlé - Paul Shankey, An Mhumhain, Pádraic Joyce, Connachta, Dessie Dolan, Laighin, agus Kieran Donnelly, Ulaidh, ag seoladh Shraith Peile Idirchúige Allianz

Na bainisteoirí ó chlé - Paul Shankey, An Mhumhain, Pádraic Joyce, Connachta, Dessie Dolan, Laighin, agus Kieran Donnelly, Ulaidh, ag seoladh Shraith Peile Idirchúige Allianz

Le Jamie Ó Tuama

Tá am na cainte agus an phlé ag druidim chun deiridh. Tar éis naoi mí de chruinnithe, d’anailís, de shuirbhéanna, d’aighneachtaí, de scagadh agus de chíoradh, feicfidh an saol mór toradh obair mhór Choiste Athbhreithnithe na Peile faoi stiúir Jim Gavin an deireadh seachtaine seo i bPáirc an Chrócaigh, nuair a imreoidh na ceithre chúige i Sraith Peile Idirchúige Allianz.

Cuirfear na rialacha molta seo os comhair Comhdhála Speisialta de chuid Chumann Lúthchleas Gael ag deireadh mhí na Samhna.

Imreoidh Connachta in aghaidh Laighean agus imreoidh Ulaidh in aghaidh na Mumhan Dé hAoine. Imreoidh na foirne a chailleann in aghaidh a chéile ar an Satharn le haghaidh an tríú háit agus imreoidh an dá fhoireann bhuacacha Dé hAoine sa chluiche ceannais Dé Sathairn.

I measc na seacht bpríomhathrú mholta a bheidh le feiceáil sna rialacha an deireadh seachtaine seo tá na nithe seo a leanas:

  1. Duine amháin ó gach foireann a ghabhfaidh san iomaíocht le haghaidh an chaitheamh isteach seachas beirt ó gach foireann ag tús an chluiche/an dara leath
  2. Ní mór d’imreoirí a bheith taobh istigh den líne 20 méadar sula dtógtar an cic amach
  3. Níl cead an liathróid a phasáil ar ais chuig an gcúl báire ina leath féin den pháirc
  4. Dhá chúilín do scóranna taobh amuigh de stua nua 40 méadar amach
  5. Triúr in aghaidh triúir fanta chun tosaigh/ar chúl an t-am ar fad
  6. Cos go lámh agus imeacht tar éis calaoise má feileann se don duine a ndearnadh calaois air
  7. Marc chun tosaigh taobh istigh den líne 20 méadar

Seo mar a mhíníonn Cathaoirleach Choiste Athbhreithnithe na Peile, Jim Gavin, na rialacha seo:

An bhfuil ré nua i ndán do pheil?

Beidh scoth na n-imreoirí idirchontae, ó gach contae, le feiceáil an deireadh seachtaine seo agus iad ag triail na rialacha nua. Tá painéil na gcúigí le feiceáil thíos.

Tá ticéid ar fáil do Shraith Peile Idirchúige Allianz ag an nasc SEO

Na Painéil

Laighin

1 Stephen Cluxton, Áth Cliath
2 Michael Bambrick, Ceatharlach
3 Mark Barry, Laois
4 Seán Bugler, Áth Cliath
5 Ciarán Byrne, Lú
6 Ray Connellan, An Iarmhí
7 Peter Cunningham, Uíbh Fhailí
8 Ciarán Downey, Lú
9 Ross Dunphy, Ceatharlach
10 Kevin Feely, Cill Dara
11 Daniel Flynn, Cill Dara
12 Darren Gallagher, An Longfort
13 Dean Healy, Cill Mhantáin
14 Ryan Houlihan, Cill Dara
15 Brian Howard, Áth Cliath
16 Killian Roche, Laois
17 Ronan Jones, An Mhí
18 Donal Keoghan, An Mhí
19 Ciarán Kilkenny, Áth Cliath
20 Paul Kingston, Laois
21 Craig Lennon, Lú
22 James McCarthy, Áth Cliath
23 Eoin Murchan, Áth Cliath
24 Evan O'Carroll, Laois
25 Lee Pearson, Uíbh Fhailí
26 Eoin Porter, Loch Garman
27 Kevin Quinn, Cill Mhantáin
28 John Small, Áth Cliath
29 Paddy Small, Áth Cliath
30 Ronan Wallace, An Iarmhí

Connachta

1 Connor Gleeson, Gaillimh
2 Johnny McGrath, Gaillimh
3 Brian Stack, Ros Comáin
4 Seán Ó Maoilchiaráin, Gaillimh
5 Cillian McDaid, Gaillimh
6 John Daly, Gaillimh
7 Eoghan McLoughlin, Maigh Eo
8 Jack Carney, Maigh Eo
9 John Maher, Gaillimh
10 Matthew Tierney, Gaillimh
11 Bob Touhy, Maigh Eo
12 Enda Smith, Ros Comáin
13 Diarmuid Murtagh, Ros Comáin
14 Aidan O’Shea, Maigh Eo
15 Daire Cregg, Ros Comáin
16 Conor Carroll, Ros Comáin
17 Ruaidhrí Fallon, Ros Comáin
18 Mark Diffley, Liatroim
19 Johnny Heaney, Gaillimh
20 Shane Brosnan, Nua-Eabhrac
21 Ultan Harney, Ros Comáin
22 Barry McNulty, Liatroim
23 Conor Cox, Ros Comáin
24 Donie Smith, Ros Comáin
25 Ciaran Murtagh, Ros Comáin
26 Diarmuid Duffy, Maigh Eo
27 Fergal Boland, Maigh Eo
28 Pat Spillane, Sligeach
29 Aidan McLoughlin, Londain
30 Liam Gallagher, Londain
31 Paul Towey, Maigh Eo
32 Keith Byrne, Liatroim
33 Shay Rafter, Londain
34 Eddie McGinness, Sligeach
35 Cian Lally, Sligeach
36 Joey Grace, Nua-Eabhrac
37 Daire Rooney, Londain

Ulaidh

1 Niall Morgan, Tír Eoghain
2 Diarmuid Baker, Doire
3 Mark Bradley, Tír Eoghain
4 Paddy Burns, Ard Mhacha
5 Aidan Clarke, Tír Eoghain
6 Oisín Conaty, Ard Mhacha
7 Pádraig Faulkner, An Cabhán
8 Aidan Forker, Ard Mhacha
9 Niall Grimley, Ard Mhacha
10 Daniel Guiness, An Dún
11 Pat Havern, An Dún
12 Marc Jordan, Aontroim
13 Conn Kilpatrick, Tír Eoghain
14 Barry McBennett, Muineachán
15 Ronan McCaffrey, Fear Manach
16 Sean McNally, Fear Manach
17 Darren McCurry, Tír Eoghain
18 Eoin McElholm, Tír Eoghain
19 Joe McElroy, Ard Mhacha
20 Eoin McEvoy, Doire
21 Kieran McGeary, Tír Eoghain
22 Peter McGrane, Ard Mhacha
23 Ross McQuillan, Ard Mhacha
24 Odhrán Murdock, An Dún
25 Daire Ó Baoill, Dún na nGall
26 Rian O’Neill, Ard Mhacha
27 Oisin O’Neill, Ard Mhacha
28 Gerry Smith, An Cabhán
29 Ciarán Thompson, Dún na nGall
30 Niall Toner, Doire
31 Frank Burns, Tír Eoghain
32 Mick Byrne, Aontroim
33 Joe Finnegan, Aontroim
34 Jason Irwin, Muineachán
35 Jason McLoughlin, An Cabhán
36 Fionan O’Brien, Fear Manach

An Mhumhain

1 Josh Ryan, Luimneach
2 Darragh Brennan, Tiobraid Árann
3 Damien Bourke, Ciarraí
4 Darragh Cashman, Corcaigh
5 Eoin Cleary, An Clár
6 Jimmy Feehan, Tiobraid Árann
7 Aran Griffin, An Clár
8 Emmet McMahon, An Clár
9 Brian McNamara, An Clár
10 Seán Meehan, Corcaigh
11 Tadhg Morley, Ciarraí
12 James Naughton, Luimneach
13 Danny Neville, Luimneach
14 Colm O’Callaghan, Corcaigh
15 Diarmuid O’Connor, Ciarraí
16 Chris Kelly, Corcaigh
17 Conor Ó Currín, Port Láirge
18 Sean O’Dea, Luimneach
19 Donal O’Sullivan, Ciarraí
20 Chris Óg Jones, Corcaigh
21 Dermot Ryan, Port Láirge
22 Maurice Shanley, Corcaigh
23 Killian Spillane, Ciarraí
24 Mark Stokes, Tiobraid Árann
25 Alan Sweeney, An Clár
26 Matty Taylor, Corcaigh
27 Caomhín Walsh, Port Láirge
28 Tommy Walsh, Corcaigh
29 Sean Walsh, Port Láirge
30 Paul Walsh, Corcaigh

Dé hAoine

Connachta v Laighin, 6in, TG4

Ulaidh v An Mhumhain, 8in, TG4

Dé Sathairn

Cluiche don 3ú háit, 5.30in, RTÉ

Cluiche Ceannais Shraith Idirchúige Allianz, 7.30in, RTÉ