Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Scéalta na gCorn - Sraith a Dó 

Beidh Sraith 2 de Scéalta na gCorn ag tosú anocht ar TG4 ar 8

Beidh Sraith 2 de Scéalta na gCorn ag tosú anocht ar TG4 ar 8

Na scéalta taobh thiar de choirn CLG na tíre.

Sraith sé chuid do TG4 á cur i láthair ag Gráinne McElwain.

Tá Gráinne McElwain ar ais ar an bhóthar arís i Sraith 2 de Scéalta na gCorn agus í ag taisteal ar fud na hÉireann ar cuairt ar chumainn agus ar pháirceanna imeartha contae ag foghlaim na scéalta is lú eolas taobh thiar de thrófaithe cluichí Gaelacha an náisiúin. Gheobhaidh sí amach mar atá cuid de na coirn ainmnithe as tírghráthóirí réabhlóideacha de chuid na hÉireann amhail Thomas Ashe agus Joe McGarrity, mar atá trófaithe eile ainmnithe as laochra spóirt ar nós Nickey Rackard agus Dermot Early, agus mar atá tuilleadh eile ainmnithe as gnáthbhaill, agus cuimhne orthu á buanú trí na trófaithe agus trí na coirn ina n-onóir.

Tosaíonn an tsraith le Gráinne McElwain ar cuairt ar bhaile na hiomána - Staid Semple, Tiobraid Árainn, áit a gcluineann faoi choirn atá ainmnithe as beirt de thírghráthóirí an náisiúin, mar atá Dan Breen agus Seán Treacy. Tugann sí cuairt fosta ar an tseoid cheilte sin Músaem Lár na Páirce, le hamharc ar chuid dá bhfuil i dtaisce ann, chomh maith le bheith ag foghlaim faoi thrófaí ar chruth aisteach ar cosúil é le ceann de shainchomharthaí na tíre - Trófaí Chros Phádraig. Foghlaimíonn Gráinne fosta faoi chailleadh tragóideach iománaí óig de chuid Thiobraid Árainn, imreoir a maireann a ainm i gCorn Dillon Quirke.

I gclár 2 de Scéalta na gCorn, téann Gráinne níos faide ó dheas go Ciarraí, contae a bhfuil sciar maith corn bailithe aige. Cluineann sí faoin chorn ar mhaith le gach imreoir sa tír lámha a leagan air – Corn an Easpaig Moynihan, agus foghlaimíonn sí faoi chorn camógaíochta a bhfuil an-ghean air atá ainmnithe as Veronica Stack. Tugann sí cuairt ar pháirc bhaile an chontae le cluinstin faoin laoch peile Con Brosnan sula dtaistealaíonn sí ar aghaidh go Fionntrá agus comórtas Pháidí Uí Shé le corn a aimsiú atá ainmnithe as fear as Ros Comáin, Dermot Early.

Tá Gráinne ar ais ar an bhóthar arís agus í ag taisteal chuig Loch Garman, áit a gcluineann sí faoi chorn i gcuimhne ar an fhathach iomána sin Nickey Rackard, chomh maith le Corn Hannrachain agus a naisc le peileadóir as Laois. Ní iomáint uilig é, áfach, agus í ar cuairt ar staisiún áitiúil Gardaí le cluinstin faoin duais nua don Chraobhchomórtas Sinsir sa Pheil - Corn Seamus Keevans. Faigheann Gráinne amach fosta faoin choirn in onóir ban sa chontae, ar nós chorn camógaíochta Marie Lynch agus corn Pheil na mBan ainmnithe as Sandra Keane óg.

Téann Gráinne ó thuaidh don chead cheann de thrí chuairt in Ultaibh – Contae an Dúin. Is ar pháirc bhaile an chontae, Páirc Esler, atá a céad chuairt, áit a gcuireann sí eolas ar shagart a raibh an-ghean air agus a bhfuil corn comórtais de chuid Chumann na mBunscol ainmnithe as. Foghlaimíonn Gráinne fosta faoi Chorn Camógaíochta Mionúr Uile-Éireann atá ainmnithe as iar-uachtarán de chuid an Chumainn. Cluineann sí scéal ríshuimiúil faoi chorn iomána a cheiliúrann an bhean dána Betsy Gray, agus glacann sí an t-am le bualadh le Kevin Mussen, an chéad fhear a thug Corn Sam Mhig Uidhir trasna na teorainne.

Tá Gráinne McElwain i gcontae Uí Néill, Tír Eoghain, do chlár 5. Cluineann sí faoi chorn peile atá ainmnithe as Iarla Thír Eoghain, Aodh Mór Ó Néill agus an corn ar mhian le gach peileadóir ollscoile a lámha a leagan air, Corn Sigerson. Tugann Gráinne cuairt ar pharóiste na hEaglaise, áit a bhfoghlaimíonn sí tuilleadh faoin duais a bhronntar do Shraith Peile na Rialacha Idirnáisiúnta – Corn Chormaic Mhic an Ailín, agus comórtas áitiúil a imrítear in onóir duine de na himreoirí camógaíochta is mó gradam sa chontae, Anne Jordan.

Críochnaíonn an tsraith Scéalta na gCorn i ndúiche Bhreifne, an Cabhán, agus Gráinne ag fáil amach faoin iliomad mór corn atá le fáil sa chontae. Cluineann sí mar a fuair an corn is mó tóir sa chúige – an Corn Angla-Cheilteach – a ainm, agus faigheann amach faoi chomórtas a imrítear i gcuimhne ar an laoch peile sin John Joe O’Reilly. Chomh maith leis sin, feiceann Gráinne an corn is úire sa chontae don Chraobhchomórtas Sinsir san Iomáint – Corn Tom Walsh, agus foghlaimíonn sí faoi choirn ainmnithe as imreoirí óga ar nós Chorn Michelle Keating agus Chorn Amy Sheridan.

Is é Imagine Media a léirigh Scéalta na gCorn, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin TÉ.