Le Conchúr Ó Sé
Nuair a shiúil Kieran McGeeney suas na céimeanna in Ardán Uí hÓgáin i 2002 tar éis d’Ard Mhacha buachan ar Chiarraí i gCraobh pheile na hÉireann is dócha gur phreab go leor aidiachtaí timpeall intinní mhuintir an chontae ar nós ‘captaen’, ‘ceannaire’ agus ‘laoch’. Ghlac sé le corn Sam Maguire agus d’ardaigh sé go hard é, an chéad fhear de chuid Ard Mhacha leis seo a dhéanamh ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh.
Gan amhras, ba é seo buaicphointe shaol idirchontae McGeeney nó ‘Geezer’ mar a ghlaoitear air go minic. Le 3 bhonn All-Star, 6 bhonn Ultacha agus Peileadóir na Bliana 2002 ina sheilbh aige is minic go gcloistear scéalta faoina chuid paisin agus díograise mar leathchúlaí láir agus fós anois mar bhainisteoir. Bhí scéal amháin a scaip go leitheadach timpeall na tíre faoi, a rá nach n-itheann sé rud ar bith ach glasraí agus torthaí ach is dócha gur scéal seafóideach a bhí ann cé go raibh agus go bhfuil clú agus cáil fós ar a chuid tiomána ar son na cúise.
As Cúchulainn Mullach Bán, tháinig an McGeeney óg ar bord phainéal Ard Mhacha sa bhliain 1992. Bhuaigh an club Craobh Pheile Ard Mhacha don dara huair riamh nuair a bhuadar ar Armagh Harps sa chraobh ar scór 0-10 go 1-05. Ar an bhfoireann sin freisin bhí Justin agus Enda McNulty agus Benny Tierney, imreoirí a bhí tionchar mór acu ar an bhfoireann idirchontae.
Nuair a cuireadh ceist ar Pheileadóir na Bliana 2002, Steven McDonnell, a d’imir in éindí le ‘Geezer’ ar na daoine a d’imir tionchar ar fhear Mhullach Bhán, freagraíonn sé: ‘‘Kieran often spoke about one of his underage coached Charlie Grant from Mullaghbawn so I have no doubt that he played major role in Kieran's development as a kid. His parents are also major influences and I don’t think I have ever been to a game where Kieran has been involved as a player or a manager and they have not been present.’’
Bhí Grant, a cailleadh i nDeireadh Fómhair na bliana 2006 mar an duine a chur McGeeney in aithne leis an bpeil agus ba léir go raibh an-mheas ar fad aige air mar dúirt sé i 2002 tar éis dó Craobh na hÉireann a bhuachan: ‘‘I wouldn't be a great man for looking up during the parade but we were just coming round the top end and I turned my head to the crowd and I'm sure I saw Charlie Grant. Playing in Mullaghbawn, like, Charlie was really the man who introduced me to football. He just had a great love for it. He'd just tell me, go out and play, Kieran. Enjoy it, like. And I just see him at the beginning and it's amazing the way the thing has come full circle.’’
Bhog McGeeney go Baile Átha Cliath tamall tar éis dó Craobh Ard Mhacha a bhuachan de bharr a chuid oibre agus thosaigh sé ag imirt le Na Fianna, ceann feadhna peile na príomhchathrach ag an am agus bhuaigh sé 3 Chraobh Áth Cliath agus Craobh Laighean amháin leo. Chaill siad áfach, i 2000 i gcoinne a shean naimhde, Crosmaglen ar scór 1-14 go 0-12 i gCraobhchomórtas Peile nag Club.
Bhí a chuid scileanna ceannaireachta soiléir le feiceáil thart timpeall na foirne dar le McDonnell.
‘‘From the moment I joined up with the team in 1999 I could see that Kieran was a driven character. At that stage he wasn’t the team captain but you could see that he was the obvious choice to take over from Jarlath Burns. His presence in a dressing room was immense but overall we were very lucky that we had a squad full of driven characters and leaders.’’
Bhí McGeeney mar cheannaire na foirne sin le linn ré órga an chontae, cé nach raibh luas lasrach aige bhí an tréith uathúil aige an cluiche a léamh go smior, rud a chabhraigh leis luas na foirne a stiúradh agus é suite i lár na líne leathchúil. Le linn na tréimhse seo bhuadar ceithre chraobh Ultacha laistigh de chúig bliana agus Craobh na hÉireann amháin i 2002. D’éirigh sé as an imirt i 2007 tar éis d’Ard Mhacha cailliúint le pointe amháin i gcoinne Dhoire sna babhtaí cáilithe.
Níorbh fhada é an briseadh ón bpeil dó nuair a ghlac sé le ról bainistíochta le contae Chill Dara ag deireadh 2007, am ina raibh cúrsaí peile sa chontae faoi chrann smola tar éis dóibh cailliúint i gcoinne an Lú i mbabhta 2 de na babhtaí cáilithe.
Thóg sé go Cluichí Ceathrú Ceannais na hÉireann iad i 2008, 2009, 2010, 2011 agus 2012 iad. Sa chéad bhliain, cé gur chailleadar i gcoinne Chill Mhantáin i bPáirc an Chrócaigh sa chéad bhabhta de Chraobhchomórtas Laighean stiúraigh sé iad tríd an gcúldoras ach fuair Corcaigh an lámh in uachtar orthu.
Shroicheadar Craobh Laighean an bhliain dár gcionn ach níor éirigh leo dul chun cinn ar Áth Cliath agus iad le 14 ar an bpáirc tar éis cárta dearg Ger Brennan. B’fhíor le rá nach raibh an t-ádh le foireann McGeeney i 2010, bhuaigh an Lú orthu i Laighean ach rinneadh atheagrú ar an bhfoireann agus shroicheadar cluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 2000 áit ar imir siad in éadan an Dúin. Bhí bearnaí beaga eatarthu, bhuail Cill Dara cuaille an Dúin sa nóiméad deireanach agus d’aimsigh an Dún cúl ádhúil go luath trí Benny Coulter, a bhí ag seasamh i lár na cearnóige. Bhí dhá phointe eatarthu sa deireadh.
Leis seo, chailleadar go Baile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais Laighean sa nóiméad deireanach tar éis do Cormac Reilly cic saor amhrasach a thabhairt do Bernard Brogan. D’athghrúpail McGeeney a chuid trúpaí ach thit siad síos in am breise sa chluiche ceathrú ceannais go foireann Dhún na nGall i 2011 a bhí faoi smacht Jim McGuinness, a thóg Sam Maguire go Dún na nGall an bhliain dár gcionn. Mí-adh arís.
Ní raibh Cill Dara ábalta na críocha ina gcuid taispeántais sin a bhuaileadh i 2012 agus 2013 cé gur shroicheadar cluiche leathcheannais eile i 2012. Ba é an cluiche deireanach do ‘Geezer’ ná i gcoinne Thír Eoghain sa bhaile sna babhtaí cáilithe nuair a d’éirigh le seannaimhde Ultacha McGeeney an lamh in uachtar a fháil air.
Briseadh McGeeney óna phost ag cruinniú bhord chontae Chill Dara an Fhómhar sin ar vóta 29-28 i bhfabhar dó an post a fhágáil. D’fhill sé ar ais ar a chontae dúchais ag deireadh na bliana céanna sin mar roghnóir faoi Paul Grimley, agus tugadh an post bainistíochta dó ag deireadh na bliana 2014 tar éis do Grimley éirí as. Ceannaire arís ar a chontae, ach ar an taobhlíne an uair seo, bhí deacrachtaí aige ina chéad bhliain i gceannas ag cailliúint go mór go Dún na nGall agus ag fágáil slán le Craobhchomórtas na hÉireann i mbabhta 2 i gcoinne Ghaillimh.
B’ionann feachtas 2016 agus 2015, ag cailliúint i gcoinne Laoise i mbabhta 1. Ach anois, tá cúrsaí ag feabhsú arís dóibh i mbliana agus iad ag ullmhú do chluiche i gcoinne sheanchontae Geezer; Cill Dara.
Deireann McDonnell fúthu: ‘‘As a player he demanded so much out of himself long before the demands of training became as intense as they are now and I can see that he has raised the bar in terms of asking serious questions of his players. The team this year is young and Kieran is encouraging and coaching a brand of football which suits them. Playing in Division 3 has certainly helped the team to get used to playing this year and you can now see a confidence and energy in the team. This confidence comes from the top down so things have started to look a lot more positive for Armagh.’’
Níl dabht ar bith ann go mbeidh McGeeney tiomanta agus é ag iarraidh buachan thar na himreoirí a bhíodh sé i gceannas orthu agus aontaíonn McDonnell leis seo.
‘‘Kieran has great respect for the Kildare footballers and they have great respect for him but when it comes to winning a game of football, Kieran will leave no stone unturned for his team to be successful. Kieran’s heart and soul goes into Armagh football.’’
Croí agus spiorad, dhá mhórthréithe i stíl imeartha agus bainistíochta McGeeney. Leanann a fheachtas ar aghaidh agus é ag iarraidh é féin agus a fhoireann a fheabhsú agus iad i dtóir rathúlachta i gcónaí.