Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Cuaille mhí na Nollag amuigh anois

Cuaille mhí na Nollag ar fáil anois!

Cuaille mhí na Nollag ar fáil anois!

Tá an t-eagrán is deireanaí de ‘Cuaille’, iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael, ar fáil anois díreach in am don Nollaig agus tá neart ábhar léitheoireachta do lucht leanta na gcluichí Gaelacha le fáil ann!

I measc na n-alt éagsúla atá in eagrán speisialta na Nollag seo tá ‘Tír Eoghain 2021’, ‘Luimneach ar leibhéal eile i 2021, ‘Loch Garman ab fhearr i ‘96’, ‘Ón Dumhach go dtí an Plantation’, Cuardach Focal, Crosfhocal, ‘Do Chlub, Do Chontae’, ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’ agus go leor leor eile!

Is féidir Cuaille a léamh agus a íoslódáil anseo thíos!