Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

feature

Do Chlub, Do Chontae #8 – CLG Na Piarsaigh, Toronto

Do Chlub, Do Chontae, Do Cheanada - CLG Na Piarsaigh, Toronto

Do Chlub, Do Chontae, Do Cheanada - CLG Na Piarsaigh, Toronto

Le Jamie Ó Tuama

Club iománaíochta agus camógaíochta a cuireadh ar bun sa bhliain 2010 is ea Na Piarsaigh, Toronto, atá suite i dToronto Cheanada. Nuair a cuireadh an club ar bun an chéad lá baisteadh Toronto Hurling Club air ach athraíodh an t-ainm go dtí Na Piarsaigh, Toronto, sa bhliain 2015.

Labhair ball de chuid an chlub Pa Sheehan linn le déanaí agus thosaigh sé amach trí mhíniú dúinn cé air a ndéanann an club freastal go príomha, nó cé hiad fíorlucht an ‘pharóiste’!

‘Is dócha go bhfreastalaíonn an club ar aoinne ar mhaith leo triail a bhaint as an iomáint i gcathair Toronto ach go háirithe,’ a deir Pa. ‘Is cathair mhór é Toronto, dar ndóigh, agus, mar sin, tá imreoirí againn ó na bailte eile timpeall na cathrach cosúil le Mississauga, Brampton agus Etobicoke ach den chuid is mó tá na himreoirí, nó na baill, atá againn lonnaithe sa chathair féin, i dToronto.

‘Tá an bainisteoir atá againn leis an bhfoireann iománaíochta, Enda McNamara ó chontae an Chláir, tagann sé ó Beamsville, sin baile eile atá beagnach 90k ó Toronto. Tógann sé thart ar uair go leith air tiomáint ó Beamsville go Toronto agus ansin uair go leith ar ais. Nuair a bhíodh muid ag traenáil go rialta bhíodh sé ag teacht chun na cathrach ar a laghad dhá uair nó trí huaire sa tseachtain le freastal ar na seisiúin traenála.

‘Aoinne a thagann ó chontae cosúil le Cill Chainnigh nó áiteanna i gcontae Thiobraid Árann nó i gcontae an Chláir nó mar sin, seans nach n-imríonn siad peil ar chor ar bith. Mar sin, is iontach an rud é go bhfuil an iomáint ar fáil dóibh.’

Dar ndóigh, níl an club i bhfad ar bun i dToronto ach bhí go leor laochra móra ag an gclub ó bunaíodh iad. Tá moladh mór ach go háirithe ag Pa don bhainisteoir, Enda McNamara, agus duine de bhunaitheoirí an chlub, Colm Sharkey.

‘Anseo, is é an bainisteoir (Enda McNamara) an duine is tábhachtaí sa chlub i mo thuarimise. Duine eile atá tábhachtach ná Colm Sharkey ó Bhaile Átha Cliath, a bhunaigh an club i 2010 nuair a tháinig sé anseo.’

Níl mórán clubanna a imríonn an iomáint i gCeanada agus d’iarr mé ar Pa ar chruthaigh sé sin dúshláin don chlub maidir le cluichí rialta a fháil. Míníonn sé dom anseo an cineál leagan amach a bhíonn ar a gcuid comórtas i dToronto.

‘Toisc nach raibh foireann eile sa chathair go dtí 2015 ghlac Toronto Hurling Club páirt i gcomórtais eile i gcathracha sna Stáit Aontaithe, i gCeanada i gcathracha cosúil le Cleveland, Indianapolis, Montreal agus Otoa. Gach Meán Fómhair, ar Labour Day, bíonn na North American’s ar siúl i dTuaisceart Mheiriceá.

‘Bíonn Craobh ar siúl gach samhradh i dToronto féin idir na Piarsaigh agus Clann na nGael agus de ghnáth bíonn ‘best of 5 series’ ann agus an chéad fhoireann a bhuann trí chluiche is iad na buaiteoirí. Tá sé cosúil leis an tsraith a bhíonn ar siúl sa chispheil nó sa haca i Meiriceá Thuaidh.

‘Bunaíodh club nua iomána dhá bhliain ó shin i 2019, darb ainm Cuala Sarsfields. Ní raibh aon chraobh againn anuraidh, ar an drochuair, de bharr na paindéime. Mar sin, ní raibh aon chluiche oifigiúil ag an gclub nua sin, ach amach anseo beidh trí chlub iomána sa chathair anseo agus beimid go léir ag imirt in aghaidh a chéile.

‘Tá muid lonnaithe in áit atá an-chóngarach do chathracha móra Éireannacha cosúil le Nua-Eabhrac, Boston, Chicago, Cleveland, Indianapolis, na cathracha móra sin. Déanann muid iarracht freastal ar na comórtais a eagraíonn na cathracha sin, chomh maith, agus bíonn ár gcomórtais féin againn gach bliain i mí Mheán Fómhair anseo.’

Imreoirí de chuid na bPiarsach, Toronto, tar éis dóibh Chraobh Mheiriceá Thuaidh a bhuachan

Imreoirí de chuid na bPiarsach, Toronto, tar éis dóibh Chraobh Mheiriceá Thuaidh a bhuachan

Is minic a bhíonn clubanna Chumann Lúthchleas Gael ina dtearmainn ag Éireannaigh thar lear agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Na Piarsaigh, Toronto. Labhraíonn Pa faoin spiorad pobail a chuthaítear sa chlub.

**‘**Cosúil le haon fhoireann nó aon chlub lasmuigh d’Éirinn, cruthaítear pobail sna cathracha i measc daoine i gCumann Lúthchleas Gael agus sna clubanna féin. Tá pobal láidir againn. Tá foireann camógaíochta againn anois le cúpla bliain anuas don chéad uair riamh. Roimhe sin, ní raibh ach aon fhoireann amháin camógaíochta againn sa chathair, ‘Le Chéile’ agus foireann iontach iad.’

Ní Éireannaigh amháin atá sa chlub, mar sin féin, agus labhraíonn Pa faoin ról a ghlacann na Ceanadaigh sa chlub.

‘Is dócha go bhfuil níos mó Ceanadach ag imirt leis na mná ná na fir. Bíonn sé deacair mar tá an caighdeán chomh hard, is dócha. Ní tosaitheoirí iad na hÉireannaigh agus bíonn sé deacair ar na Ceanadaigh briseadh isteach, ach déanann siad iarracht. Tá fear amháin againn, Darren Snuck, atá ag foghlaim Gaeilge is gach aon rud.’

Tá níos mó ná cluichí i gceist le clubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus níl Na Piarsaigh pioc níos difriúla ná clubanna eile. Déanann an club iarracht imeachtaí sóisialta a eagrú do na baill.

‘Le linn na paindéime d’eagraíomar neart imeachtaí. Bhí draíodóir againn oíche amháin. Bhí cúpla ‘tráth na gceist’ againn cosúil le gach aoinne in Éirinn is dócha agus cúpla rud eile. Eagraímid Barbeques, ócaidí teacht le chéile ‘is rudaí mar sin mar bíonn an aimsir go hiontach anseo i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn an chraobh ar siúl.

‘Déarfainn go bhfuil níos mó na 50% de na baill nach n-imreoirí iad, daoine atá ceangailte leis an gclub agus b’fhéidir go bhfuil siad ag dul amach le duine de na himreoirí nó b’fhéidir díreach gur mhaith leo freastal ar na cluichí.’

Tá an club ag gabháil go maith faoi láthair ach míníonn Pa anseo dom faoi na pleananna ata ag an gclub don chéad ghlún eile.

‘Déanann muid iarracht obair a dhéanamh le páistí is dócha agus le paistí áitiúla. Mar a luaigh mé is club an-óg é an club seo agus mar sin na daoine a bhunaigh an club i 2010 tá paistí acu anois agus tá siadsan lonnaithe i gCeanada. Is Ceanadaigh iad is dócha ach ag an am céanna is Éireannaigh iad.

‘Déanfaidh muid iarracht amach anseo níos mó a dhéanamh leis na páistí. Is cuimhin liom a bheith i Chicago agus i Nua-Eabhrac ag féachaint ar na struchtúir a bhí agus atá acu leis na páistí, agus an méid oibre a dhéantar leis na páistí. Ba bhreá linn sin a dhéanamh ach níl na huimhreacha againn anois. Táimid fós óg agus táimid ag díriú ar na foirne sinsir, ach déanfaimid é sin amach anseo.’

Bunaithe: 2010

Dathanna: Gorm, Dubh agus Bándearg

Líon Foirne: 50 ball a imríonn

Laochra móra an chlub: Enda McNamara (bainisteoir Reatha), Colm Sharkey (duine de bhunaitheoirí an chlub)

Buaite

Craobh Idirmheánach Mheiriceá Thuaidh: 2013, 2015

Craobh Toronto: 2015, 2016, 2017, 2019

Sraith Toronto: 2015, 2016, 2017, 2019

Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae, Do Cheanada!

Foireann bhuacach CLG Na Piarsaigh, Toronto, tar éis dóibh Craobh Mheiriceá Thuaidh a bhuachan sa bhliain 2013

Foireann bhuacach CLG Na Piarsaigh, Toronto, tar éis dóibh Craobh Mheiriceá Thuaidh a bhuachan sa bhliain 2013