Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

feature

Do Chlub Do Chontae #9 – CLG Eochaille, Corcaigh

Imreoirí óga Eochaille ag glacadh páirte sna Go Games i 2018

Imreoirí óga Eochaille ag glacadh páirte sna Go Games i 2018

Le Jamie Ó Tuama

Suite in oirthear Chorcaí gar don teorainn le contae Phort Láirge, tá CLG Eochaille ar an bhfód ó 1891 i leith. Cosúil le clubanna fud fad na tíre is lárionad é an club seo do bhaill agus do phobal an bhaile. Labhair me le Liam Ó Laochdha, ball den chlub an tseachtain seo le tuilleadh a fhoghlaim faoi CLG Eochaille. Thosaigh sé le stair ghairid a thabhairt dom ar an gclub.

‘Bunaíodh an club i mí Feabhra 1891’, a deir Liam. ‘Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid 130 bliain ar an saol i mbliana agus tá an leabhar staire againn chomh maith a scríobh Frank Keane. ‘Up the Yaughal Boys’ an teideal atá air agus clúdaíonn sé an tréimhse idir 1891 agus 1993 agus tá an Coiste ina suí, bheul níl siad ina suí faoi láthair, ach beidh arís le cúnamh Dé chun cur leis an stair, chun an tréimhse idir 1891 agus 1921 a chlúdach.’

Dar ndóigh, bhí go leor laochra móra ag an gclub a rinne gaiscígh ar an bpáirc imeartha thar na blianta agus labhraíonn Liam go bródúil faoi mhórlaochra Eochaille.

‘Mórlaoch an chlub ná Nollaig Ó Gallchobhair a d’imir sna seascaidí. D’éirigh sé as i 1965 agus, faraor, bhuaigh Corcaigh Craobh na hÉireann i 1966. Bhí sé ar fhoireann shinsir Chorcaí le fada an lá an t-am sin. In sna seachtóidí agus isteach in sna hochtóidí bhí Pádraig Ó hÉigeartaigh againn. Bhí Liam Breathnach agus Seán Ó Laoire. Ba iad siúd Pat Hegarty, Willie Walsh agus Seánie Leary agus bhuadar san Craobh Shinsir Iomána na hÉireann le Corcaigh.

‘Sa lá atá inniu ann tá Bill Cúipéir ann agus is maith é Bill. Le cúnamh Dé beidh an t-ádh orthu i mbliana agus buafaidh siad, agus buafaimid is dóigh liom, Craobh na hÉireann san iomáint. Idir 2009 agus 2011 bhí Críostóir Ó Cuana ina Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael.’

Is iomaí rud atá buaite ag an gclub agus déanann Liam achoimre ar bhuaicphointí an chlub.

‘Bhuamar Idirmheánach 1955, 69, 88, 93 agus 2013’, arsa Liam. ‘Bhíomar ag grád na sinsear sna seachtóidí agus chuamar chomh fada le Cluiche Ceannais Sinsir iománaíochta Chorcaí i 1972 ach, faraor, níor bhuamar an cluiche an lá sin. Bhuamar sraith shinsir an chontae i 1980.

‘Sa pheil bhuamar Craobh Shóisir an Chontae 1999, idirmheánach 2000 agus sa lá atá inniu ann tá dhá fhoireann do dhaoine fásta againn, idirmheánach agus sóisir san iomáint agus tá dhá fhoireann shóisir againn sa pheil.’

Bhí spiorad, bród agus mórtas lucht an chlub le feiceáil ón turas stairiúil a bhí ag an gclub go Londain i 2013 nuair a thug siad aghaidh ar Naomh Gabriel agus ar Ruislip i gCluiche Ceathrú Ceannais Idirmheánach na hÉireann sa bhliain 2013.

‘An buaicphointe agus an chuimhne is fearr atá agamsa’, a deir Liam, ‘seachas 1972 nuair a bhí me ag imirt me féin, ná Ruislip 2013. Bhuamar Craobh Idirmheánach an Chontae san iomáint agus Craobh na Mumhan. Do Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann, bhí orainn dul go Ruislip chun imirt in aghaidh Naomh Gabriel.

‘Bhuamar an cluiche ach an craic agus an teacht le chéile a bhí againn an deireadh seachtaine sin, ní dhéanfaimid dearúd go deo air sin. Tháinig 400 is dóigh liom, tháinig duine amháin ón Astráil, Meiriceá, Sasana, Londain, Eochaill agus bhí ana-dheireadh seachtaine againn mar a dúirt mé.’

Bill Cooper, Laoch Mór Eochaille agus Chorcaí

Bill Cooper, Laoch Mór Eochaille agus Chorcaí

Dar ndóigh, tá foirne beomhara camógaíochta agus peile na mban ag CLG Eochaille, freisin, mar a mhíníonn Liam.

‘Gan dearúd a dhéanamh in aon chor ar na cailíní, tá fochoiste camógaíochta agus fochoiste Pheil na mBan againn agus tá foirne agus imreoirí an-mhaith acu. Tá roinnt mhaith Craobhacha Contae Sóisir agus Idirmheánacha buaite againn sa chamógaíocht agus is club óg peile na mban muid ach tá an-chuid faoi aois buaite acu.

‘Táimid anois mar aon chlub amháin. Tá sé sin anois ann. Táimid go léir cothrom. Tá cothrom na Féinne ag na cailíní agus na buachaillí in aon chlub amháin – Eochaill.’

Mar is eol dúinn uilig tá i bhfad níos mó i gceist le cumainn de CLG ná cumainn spóirt. Bhí Liam ar a sháimhín só agus é ag déanamh cur síos ar na rudaí áirithe a bhíonn idir lámha ag an gclub taobh amuigh de na cluichí. Luann sé leithéidí Scór agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ach go háirithe.

‘Maidir le cúrsaí cultúrtha tá ana-cheangal againn le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Craobh Eochaille, agus Conradh na Gaeilge. Idir 2008 agus 2019 nuair nach raibh mórán airgid thimpeall, chuireamar cúrsaí samhraidh ar siúl mar bhí éileamh ann.

‘Tá ciorcal comhrá ag rith i gcónaí. Tá ranganna speisialta gach bliain don Ardteist, do na baill i gCumann Lúthchleas Gael – buachaillí agus cailíní agus ranganna ann le cabhrú leis na béaltrialacha agus bíonn Pop Up Gaeltacht againn ag na féilte. An ceann deireanach anois ná an ‘Ironman’. Bhí sé anseo in Eochaill dhá bhliain ó shin, nó b’fhéidir trí bliana ó shin, agus le cúnamh Dé beimid ar ais arís an bhliain seo chugainn.

‘Glacaimid páirt i Scór. Táimid ann le fada an lá agus in sna seachtóidí bhí clú agus cáil ar ár rinceoirí seite.

‘An chéad bhliain d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, bhaineamar amach bonn cré-umha agus, le cúnamh Dé, beimid ar ais arís an bhliain seo chugainn sa chomórtas sin mar is iontach an smaoineamh agus an deis a bhíonn ag clubanna chun an Ghaelainn agus an cultúr a chur chun cinn.’

Tá áiseanna den chéad scoth ag an gclub agus insíonn Liam dom faoin gcaoi a mbaineann muintir uile an bhaile úsáid astu.  

‘Maidir le háiseanna, tá páirc cruicéid againn. Sin a bhí ann fadó, Copper Alley, Páirc Copper Alley anois. Chuaigh ball amháin, Bertie Langton, chuaigh sé ar a laethanta saoire bliain amháin in sna seascaidí déanacha go Sasana ar thóir an úinéara agus, as san, cheannaíomar Páirc Copper Alley.

‘Cheannaíomar talamh eile ó shin agus anois tá dhá pháirc againn thuas ar bharr an chnoic in Eochaill agus clubáras agus clubtheach againn ann. In sna háiseanna sin tá seomraí gléasta, tá giom againn, seomraí cruinnithe, halla, beár agus falla iománaíochta.

‘Bíonn go leor rudaí ar siúl ann, babhláil, taekwondo, cártaí go seachtainiúil – 45 a imríonn siad – eitpheil, lúthchleasaíocht, ranganna aclaíochta agus bíonn fáilte roimh chlubanna Chumann Lúthchleas Gael eile agus gach sórt club, bíonn fáilte rompu go dtí ár halla agus go dtí ár n-áiseanna.

‘Go rialta bíonn an tseirbhís aistriúcháin fola linn agus úsáideann siad an halla mar ionad clinic agus mí ó shin bhí ionad tástála Covid againn.

‘San ‘Ironman’, an fhéile sin, táimid réidh don bhliain seo chugainn mar tá spás againn. An clós, úsáidimid é in sa dá áit, Copper Alley agus san áras do na tithe soghluaiste agus úsáideann siad an clós do na tithe soghluaiste agus na páirceanna dos na pobail go léir. Bíonn na seirbhísí go léir ar fáil dár gcuairteoirí, mar shampla, leictreachas, ceathanna folctha, leithrisí agus an chistin.

‘Le linn na dianghlasála thóg baill den chlub na hoidis ó na siopaí poitigéara agus thóg siad amach iad go dtí na daoine, agus go háirithe na seandaoine a bhí faoi dhianghalsáil. Sin rud iontach a tharla dúinn le déanaí. Bhíomar go breá sásta é a dhéanamh agus bhí go leor daoine in sa chlub a bhí ábalta é a dhéanamh.’

Liam Ó Laochdha le Noel Joyce, Tiobraid Árann, agus Iar-Uachtarán CLG Críostóir Ó Cuana ag Bronnadh Scór Sinsir na hÉireann sa bhliain 2015

Liam Ó Laochdha le Noel Joyce, Tiobraid Árann, agus Iar-Uachtarán CLG Críostóir Ó Cuana ag Bronnadh Scór Sinsir na hÉireann sa bhliain 2015

Gné lárnach de chlub ar bith, dar ndóigh, is ea cúrsaí tiomsaithe airgid agus tugann Liam cur síos maith anseo ar na rudaí éagsúla a bhíonn á ndéanamh ag ní hamháin CLG Eochaille, ach ag clubanna ar fud an domhain. Tá spiorad láidir an chlub le brath ón méid a deir sé.

‘Braithimid ar airgead ar nós gach aon chlub eile. Is é an príomhurraitheoir atá againn ná SuperValu Eochaille. Braithimid ar chrannchur an chontae, ar lotto seachtainiúil, scéim cúig euro seachtainiúil, ballraíocht, comórtas gailf, Last Man Standing, scéimeanna eile agus go háirithe ár dtacaitheoirí go léir.

‘Táimid an-bhuíoch agus bródúil as ár scoileanna chomh maith ina n-imrítear ár gcluichí iontu. Tá ceithre scoil náisiúnta againn agus tá scoil dara leibhéil againn chomh maith agus na tuismitheoirí, teagascóirí, roghnóirí, oifigigh, an Coiste féin agus go háirithe na himreoirí go léir. Táimid ana-bhródúil astu agus an-bhuíoch ar fad díobh chomh maith.

‘Cíonn tú ón méid atá ráite agam anseo go bhfuil an cumann lonnaithe sa phobal. Táimid ag iarraidh cabhrú leis an bpobal agus bíonn na háiseanna go léir ar fáil don phobal.’

Eochaill abú!

Bunaithe: 1891

Dathanna: Marún, Bán agus Buí

Buaite:

Iománaíocht: Craobh Idirmheánach Chorcaí: 1955, 1969, 1988, 1993

Peil: 2000

**Laochra móra an chlub:**Nollaig Ó Gallchobhair, Pádraig Ó hÉigeartaigh, Liam Breathnach, Seán Ó Laoire, Bill Cúipéir, Críostóir Ó Cuana

Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae, Do Chluichí!