Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Podchraoladh Speisialta Chomórtas Peile na Gaeltachta

Scothfhoireann na Gaeltachta

Scothfhoireann na Gaeltachta

Dar ndóigh, tagann lucht Gaeltachta agus lucht Gaeilge le chéile ó cheann ceann na tíre an t-am seo bliana go hiondúil le féasta mór peile a bheith acu ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Céad faraor géar, ní bheidh aon fhéasta againn i mbliana de bharr Covid-19 ach ní hionann sin is a rá nach féidir plé agus caint a bheith againn ar na laochra Gaeltachta agus ar na laochra Gael a théann chun páirce dá gcuid clubanna Gaeltachta.

Sa phodchraoladh speisialta seo de chuid An Spota Dubh i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael, a cuireadh le chéile le deireadh seachtaine speisialta na cíncise 2020 a aithint, roghnaíonn triúr laochra peile – Marc Ó Sé, Seán Ó Domhnaill agus Caoimhín Ó Casaide – a rogha 15 de na himreoirí fud fad na tíre atá in ann imirt ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

Bhí neart cuir agus cúitimh idir an triúr fhathach peile seo agus iad ag roghnú na foirne agus, dar ndóigh, go leor díospóireachta ann freisin. Éist leis an gclár anseo:

Cuirtear podchraoladh oifigiúil #GAAgaeilge ar fáil i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life.