Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

34 Bonn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Bronnta ar Chlubanna CLG

An Bonn Óir de Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Bainte Amach ag CLG Bhaile an Dóirín - Club Sheosaimh Mhic Dhonncha

An Bonn Óir de Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Bainte Amach ag CLG Bhaile an Dóirín - Club Sheosaimh Mhic Dhonncha

Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, agus Aodhán Mc Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, 34 bonn ar chlubanna CLG mar aitheantas ar a gcuid oibre agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu ina gcuid clubanna. Ba i bPáirc an Chrócaigh a eagraíodh an ócáid bhronnta oíche Shathairn seo caite, 15 Nollaig.

Ba é seo an dara hócáid bhronnta de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael atá dírithe ar chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Bronnadh boinn óir ar 3 chlub i mbliana – CLG Bhaile an Doirín, CLG Ghaoth Dobhair agus CLG na Sáirséalaigh, Cill Laobháin - agus ba iad siúd an chéad trí chlub le boinn óir a bhaint amach i stair ghairid na fondúireachta. Bronnadh boinn airgid ar 11 club agus bronnadh boinn chré-umha ar 20 club.

Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach i gCumann Lúthchleas Gael. Mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach, agus ina chathaoirleach, ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Bhí bean chéile agus clann Sheosaimh Mhic Dhonncha i láthair ag an ócáid bhronnta agus cuireadh fáilte ar leith rompu.

‘Tá Cumann Lúthchleas Gael tiomanta go hiomlán don scéim seo agus tá muid ag súil go mór le fás agus forbairt na Fonndúireachta sna blianta amach romhainn. Is ag gabháil ó neart go neart atá sí. Ba mhaith linn aitheantas ar leith a thabhairt dár gcuid páirtnéirí, Glór na nGael, agus buíochas a ghabháil leo as ucht a gcuid oibre i riar na scéime. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na clubanna uilig ar bronnadh boinn orthu. Tá éacht thar na bearta déanta acu uilig.’

Seán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Thíos tá liosta de na clubanna uilig ar bronnadh duaiseanna orthu. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg

Bonn Óir:

Cumann Peile na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Co. Mhuineacháin

CLG Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

CLG Bhaile an Doirín, Co. na Gaillimhe

Bonn Airgid

An Ríocht CLG, Co. an Dúin

CLG Eoghan Rua, Cill Chua, Co. an Dúin

CLG Bhun Abhainn Dála, Camógaíocht, Co. Aontroma

CLG Raonaithe na Croise, Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha

CLG An Caisleán Glas agus Sperrin Óg, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain

Cumann Peile na mBan, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Cú Chulainn CLG, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha

CLG Bhearna, Co. na Gaillimhe

CLG Eoin Bosco, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin

CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo

CLG Na Fianna, Glasnaíon, Áth Cliath

Bonn Cré-Umha

CLCG Phailís na Gréine, Co. Luimnigh

CLG Áit Thí Chathail, Cill Chaoil, Co. an Dúin

CLG an tSráidbhaile, Co. Phort Láirge

Gormacha Bhaile Mhic Colla CLG, Co. Ard Mhacha

CLG Mhainistir na Corann, Co. Chorcaí

CLG Thigh Chon Connacht, Dún Phádraig, Co. an Dúin

CLG Na Piarsaigh Óga, Ard Mhacha

CLG na Fuachonbhála, Co. Dhoire

CLG Charn Domhnaigh, Co. Dhún na nGall

CLG Naomh Pádraig, Droim Dhá Thiar, Co. Liatroma

Na Tráchtálaithe, Ráth Chúil, Co. Bhaile Átha Cliath

Cill Mochuda na Crócaigh, Co. Bhaile Átha Cliath

Gaeil na Gaillimhe, Gaillimh

GLG Thaite Riabhach, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain

CLG Dhoire Lochan, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain

CLG Bhaile an Phuill, Co. Chill Chainnigh

CLG Naomh Pádraig, Uisce Chaoin, Co.Dhún na nGall

CLG Eadarnaí, Co. Fhear Manach

CLG Naomh Maolmhaodhóg, Éadan na dTorc, Co. Thír Eoghain

CLG Naomh Raghnach, Beannchar, Co. Uíbh Fhailí