Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Comórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas bliantúil Gaeilge is ea Comórtas Peile na Gaeltachta ina mbíonn clubanna Gaeltachta as na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le hÁth Cliath agus Aontroim páirteach ann gach bliain. Bíonn clubanna as Sasana agus as Meiriceá páirteach ann ó am go chéile chomh maith. Bíonn an comórtas náisiúnta seo de chuid Chumann Lúthchleas Gael ar siúl le linn dheireadh seachtaine na Cincíse ag tús mhí an Mheithimh gach bliain agus bíonn sé á óstáil ag club difriúil Gaeltachta ó bhliain go bliain. Is i nGaeilge a dhéantar gach gnó de chuid an chomórtais.

Ní mór do chlubanna réamhbhabhtaí a imirt le gabháil a fhad le Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta agus imrítear na réamhbhabhtaí sin ar bhonn contae. Tá dhá chomórtas ann do na fir – sóisear agus sinsear – agus tá trí chomórtas ann do na mná – sóisear, idirmheánach agus sinsear. Ocht bhfoireann ar fad a imríonn i gcomórtais na bhfear agus ceithre fhoireann a imríonn i gcomórtais na mban.

Eagraíodh Comórtas Peile na Gaeltachta don chéad uair thiar sa bhliain 1969 i nGaoth Dobhair agus d’éirigh leis an gclub baile an chéad chomórtas sin a bhuachan. Is ó neart go neart atá an comórtas ag gabháil gach bliain ó shin agus tá os cionn caoga club ar fad i dteideal cur isteach ar an gcomórtas anois.

D’imir cuid de na himreoirí ab fhearr a bhí ann riamh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra, Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín, Naomh Abán, agus go leor leor eile nach iad.

Tá stair Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil sa leabhar ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta’ a scríobh Seán Mac an tSíthigh ó Chumann Caide na Gaeltachta i gCiarraí le linn bhliain chomórtha 50 bliain ar an bhfód den Chomórtas sa bhliain 2019.

Is iad Cill Chartha, Dún na nGall, agus Naomh Muire, Dún na nGall, na curaidh reatha sóisear agus sinsear i gcomórtais na bhfear. Is iad Clann na nGael, An Mhí, Naomh Abán, Corcaigh, agus Baile Chláir na Gaillimhe, Gaillimh, na curaidh reatha i gcomórtais sóisear, idirmheánach agus sinsear na mban.

Is iad TG4 agus Raidió na Gaeltachta príomhurraithe an chomórtais agus bíonn na cluichí á gcraoladh beo acu.