Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

6 Cinn de Ghradaim All-Stars ag Iománaithe Luimnigh

Gradaim All Stars 2018 - Na hIománaithe

Gradaim All Stars 2018 - Na hIománaithe

Le Jamie Ó Tuama

D’éirigh le Luimneach sé ghradam ar fad a bhuachan ag ócáid bhronnta na nGradam All-Stars, de chuid PwC Ireland / GAA-GPA, in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite. Aitheantas a bhí anseo ar a gcuid éachtaí Craobh Iomána na hÉireann agus Roinn 1B den tSraith Náisiúnta a bhuachan i mbliana. Ba iad Sean Finn, Richie English, Declon Hannon, Dan Morrissey, Cian Lynch agus Graeme Mulcahy a fuair na gradaim sin do fhoireann John Kiely.

D’éirigh le himreoirí ó cheithre chontae eile Gradaim All-Stars a bhuachan agus comhartha a bhí ansin ar an ngéariomaíocht a chonaic muid i gcraobhchomórtais iomána na bliana seo.

Fuair Daithí Burke, Pádraic Mannion agus Joe Canning gradaim do na Gaillimhigh agus ba iad Darragh Fitzgibbon, Seamus Harnedy agus Patrick Horgan a fuair na gradaim do na Corcaígh. Ainmníodh beirt as an gClár – Peter Duggan agus John Conlon – freisin, agus roghnaíodh Eoin Murphy ó Chill Chainnigh idir an dá chuaille ag uimhir 1.

Tugadh a thuilleadh aitheantais do bhliain iontach Luimnigh nuair a ainmníodh Cian Lynch mar Iománaí na Bliana agus Kyle Hayes mar Iománaí Óg na Bliana.

Ag an ócáid chéanna bronnadh gradam Pheileadóir Óg na Bliana ar David Clifford ó Chiarraí agus ainmníodh Brian Fenton ó Áth Cliath mar Pheileadóir na Bliana.

Féach na gradaim peile anseo: http://gaa.ie/news-archive/news/pwc-2018-football-all-stars-announced/

Gradaim All-Stars Iomana PwC 2018

Cúl Báire

1. Eoin Murphy (Cill Chainnigh)

Cúlaithe

2. Seán Finn (Luimneach)

3. Daithí Burke (Gaillimh)

4. Richie English (Luimneach)

5. Pádraic Mannion (Gaillimh)

6. Declan Hannon (Luimneach)

7. Dan Morrissey (Luimneach)

Lár Páirce

8. Cian Lynch (Luimneach)

9. Darragh Fitzgibbon (Corcaigh)

Tosaithe

10. Peter Duggan (An Clár)

11. Joe Canning (Gaillimh)

12. Seamus Harnedy (Corcaigh)

13. Patrick Horgan (Corcaigh)

14. John Conlon (An Clár)

15. Graeme Mulcahy (Luimneach)