Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Achoimre ar na Cluichí Craoibhe i gCúige Uladh Dé Luain

Thug Cill Chua aghaidh ar Dhroichead Mhaigh Eo i gCraobh an Dúin ar an deireadh seachtaine

Thug Cill Chua aghaidh ar Dhroichead Mhaigh Eo i gCraobh an Dúin ar an deireadh seachtaine

Imríodh cluichí i gCraobhchomórtais Dhoire, Thír Eoghain, Ard Mhacha agus an Dúin aréir, 17 Lúnasa.

D’éirigh le Naomh Mac Artáin, Trí Leac Naoimh áit a bhaint amach i gCluiche Ceathrú Ceannais Thír Eoghain tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chumann an Phiarsaigh, Gallbhuaille ar scór 1-09 go dtí 0-07. Ba é Simon Garrity a d’aimsigh an cúl do Trí Leac Naoimh go luath sa chéad leath agus chríochnaigh Lee Brennan an cluiche le sé chúilín. Tabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Muire, Coill an Chlochair, anois sna babhtaí ceathrú ceannais.

Fuair Cumann Sheáin Mhic Dhiarmada, An Machaire, an ceann is fearr ar Chlann Éireann i gCluiche Ceathrú Ceannais Chraobh Peile Ard Mhacha. Ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne agus chríochnaigh an cluiche ar scór 0-13 go dtí 0-12.  Tabharfaidh siad aghaidh ar na Piarsaigh Óga, Ard Mhacha, anois sa chluiche leathcheannais le linn deireadh seachtaine 28 Lúnasa.

I gCraobh Shinsir Peile an Dúin aréir d’éirigh le Cluain Daimh an ceann is fearr a fháil ar Cheathrú Aodha Dhuibh ar scór 4-11 go dtí 1-09. Gabhfaidh Cluain Daimh ar aghaidh chuig babhta 2 den chraobh anois agus gabhfaidh Ceathrú Aodha Dhuibh ar aghaidh chuig na babhtaí cáilithe. Ba iad Paudie Clancy (péire), Barry O’Hagan agus Stephen McConville a fuair cúil Chluain Daimh agus Neil McGowan a d’aimsigh cúl Cheathrú Aodha Dhuibh.

Chríochnaigh an Suaitreach agus Naomh Muire, Beannchar, cothrom i gCraobh Shinsir Iomána Dhoire ar scór 0-13 go dtí 2-07.

Torthaí, Dé Luain, 17 Lúnasa

Doire – Craobh Shinsir Iomána

An Suaitreach 0-13 Naomh Muire, Beannchar 2-07

Tír Eoghain

Naomh Mac Artáin, Trí Leac Naoimh 1-09 Cumann an Phiarsaigh, Gallbhuaille 0-07

Ard Mhacha

Seán Mac Diarmada, An Machaire 0-13 Clann Éireann 0-12

An Dún

Cluain Daimh 4-11 Ceathrú Aodha Dhuibh 1-09