Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Aisling sa Dorchadas 1886 - Na Crócaigh ó Chill Áirne

Muintir Na Crócaigh Chill Áirne i 1992 roimh Cluiche Ceannais Craobhchomórtas na gClubanna i 1992, le Colm Cooper ina measc mar 'mascot' don lá

Muintir Na Crócaigh Chill Áirne i 1992 roimh Cluiche Ceannais Craobhchomórtas na gClubanna i 1992, le Colm Cooper ina measc mar 'mascot' don lá

ó Tomas B. Ó Luanaigh S.P. (An tSeachtain Mhór 2017)

Na Crócaigh, Cill Áirne (1886 - )

Saolaíodh Cumann Peile na Crócaigh Chill Áirne go rúnda sa dorchadas ar an 2ú oíche de Shamhna 1886. De bharr agóide na haimsire bhí ar na 19 bunaitheoirí teacht le chéile i monarcha gáis an Stáisiúin Traenach chun coiste a chruthú, chun cumann chaide a bhunú agus chun aisling réabhlóideach a nochtú. Dheineadar choinne litir a sheoladh chuig Ardeaspag Chaisil agus Emly chun a gcumann a chur fé a choimirce; rud a ghlac Dr. Crócaigh ina litir cuchu.

De réir Muiris F. Ó Laoire “this illustrious personage granted by written consent to our founders the privilege of naming the club after himself. Only on a couple of occasions did his Grace grant such privilege”. (Fitzgerald 1986:15)

Tugtar mar aitheantas orthu na “19 Dangerous Dreamers”. Ina measc bhí mo sheanuncail Micheál Ó Luanaigh agus Máirtín Ó Cíosáin. Bhí an t-ádh dearg liom nuair a thugas chuairt ar Mháirtín tamall gearr roimh a bhás i 1956. B’é an duine deireannach dár 19 aislingthighe cróga.

An Chontae

Nuair a bhunaíodh Bord C.L.G., Chiarrraí ar 7ú de Shamhna 1888 bhí Seán Langford ó chumann na Crócaigh mar dhuine des na ceannródaithe. Theip ar Crócaigh Chill Áirne Craobh Chiarraí a bheir i 1889 agus 1900 ach d’eírigh leo i gcoinne Fánaithe na Leamhna i 1901. Bhí Eoghan Ó Súilleabháin mar chaptaen acu chomh maith leis an tógánach Risteard Mac Ghearailt - All-Star na haoise nua.

Ó shoin i leith bhuadar Craobh an Chontae trí uair as a chéile 1912-1914, 1991, 2000, ceithre craoibh in dhiadh a chéile 2010-2013 agus 2016 comh maith le dorn breise i dteannta comharsain Chill Áirne (1949, 1973) Dick Fitzgeralds (1951) agus Oirthear Chíarraí ( 1965,1968 – 1970). Bhí seisear imreoirí Crócach ar an fhoireann a bheir Craobh na Mumhan agus na hÉireann 1971 ar son Oirthear Chiarraí – Eamon Mac Ghearailt, Dónal Ó Cíobháin, Donncha Ó Cofaigh, Donie Ó Súilleabháin, Tomás Ó Luanaigh agus Gearóid Ó Cuilleanáin. B’é Donie Ó Síocháin os na Crócaigh treanálaí an lae.

Sa bhlian 1906 chabhraigh triúr Crócach foireann Chiarraí i Nua Eabhrach an craobh thall a bheir tar éis turas farraige mar imreoirí aoidheanna – b’iad Dónal Mac Cárthaigh, Pádraig Ó Diolúin agus a dhearthár chéile Risteard Mac Ghearailt.

Craoibh na hÉireann

Cé gur chaill foireann na Ríochta Craobh na hÉireann sa bhlian 1892 bhí cúigear ó Chill Áirne ar an bpainéal ainmnithe ag Fánaithe na Leamhna – Dr. Liam Ó Súilleabháin, Micheál Ó hAodha, Liam Pleamoinn, Tomás”Crosstown” Ó Luanaigh agus Seán Langford. Bheir Ciarraí Craobh na hÉireann 1903 le lámh chúnta ó dosean pheileadóirí ó na Crócaigh. Bhí Risteard Mac Ghearailt mar cheann des na laochra chéanna nuair a bhuaidh sé a chéad bhonn ór. Fuair sé chúig chinn ar fad. Mar chaptaen i 1914 d’fhoilsigh sé a shaothar shainiúil “How to Play Gaelic Football”ar chostas 1 scilling (7 cent).

Deich mbliana ina dhiadh sin cheapadh an Chrócach Dr. Eamon Ó Súilleabháin mar threanálaí ar fhoireann sinsir na Ríochta. D’éirigh leis ocht chinn de Chraobh na hÉireann a bhuadh idir 1924 agus 1962.

D’fhoilsigh sé “The Art and Science of Gaelic Football” nó Ealadhantacht i bPeil Gaedheal ar chostas 5 scilling (30 cent) i 1958. Lean Pat Ó Sé leis an dtradisúin á fhoilsiú “Gaelic Football Training Drills” i dteannta Micheál Ó Cullota i 1994.

Mar Dr. Eamon bhí Pat mar bhainnisteoir ar fhoireann rathúil Chiarraí 2009 agus ar na Crócaigh ar Lá ‘le Pádraig 2017 nuair a bheireadar an Craobh fén a chúram. Bhí a dhearthár Seán mar chaptaen na foirne nuair a bhíodar beirt ag imirt san geansaí dubh is ómra mar corraithe na tíre 1992.

Bhí ré órga ag na Crócaigh ó shoin i leith ach go háirithe nuair d’éirigh leo laochra Shleachta Néill a shárú i mbliana agus Corn Aindí Merrigan 2017 a mháirséal tré sráideanna Chill Áirne arís. Aisling gheal 1886 comhlíonta go bródúil ag imreoirí, ceannairí agus an meitheal dílis dár lucht leanúna ó 1886 go 2017.

Mar fhocal scoir, shúil Colm Cúipéir ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh mar shonóg na Crócaigh i 1992 i dteannta a bheirt dhearthár Danny agus Marcus. D’fhág sé an gort i mbliana don uair deireannach le bonn ór ina ghlaic. Crócach a scóráil 35 – 448 ina 145 cluichí i geansaí sinsir Chiarraí agus 1-2 an lá san.

Gura bhfada buan aisling dhubh’s omra, aisling glas agus ór, aisling C.L.G.

Piosaí ó Fitzgerald, E. Dr. Crokes Gaelic Century, Killarney: Dr. Crokes GAA Club