An Bhréadach buacach ag Babhta Ceannais Thráth na gCeist Gaeilge
Le Jamie Ó Tuama
Bhuaigh C.L.G. na Bréadaí ón Dún Comórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Gaeilge ag Babhta Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, 1 Feabhra. Chríochnaigh foireann an Dúin go han-láidir ach bhí fíoriomaíocht ann ó thús deireadh. Ní raibh ach an t-aon phointe amháin ag scaradh na bhfoirne sa deireadh agus muintir CLG Éadan Doire sna sála orthu.
Coiste Náisiúnta Gaeilge, C.L.G., a d’eagraigh an comórtas agus ba é Cathaoirleach an Choiste, Áine Uí Choinn, a bhí mar Mháistreás na gCeisteanna ar an lá agus bhí neart ceisteanna suimiúla aici.
Ba í Áine a bhronn na boinn óir ar na buaiteoirí agus boinn airgid ar na Tánaistigh ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin.
Seo a leanas na foirne a chuaigh tríd chuig Babhtaí Ceannais Thráth na gCeist Gaeilge:
Connachta
Ail Finn, CLG (Ros Comáin)
Barr na Cúile, CLG (Liatroim)
Réaltaí Thuama (Gaillimh)
Ulaidh
Aodh Ruadh, CLG (Dún na nGall)
An Bhréadach, CLG (An Dún)
An Boireann, CLG (An Dún)
An Mhumhain
Creatlach, CLG (An Clár)
An Spá, CLG (Ciarraí)
Sráid an Mhuilinn, CLG (Corcaigh)
Laighin
Naomh Muire, Ros Láir, CLG (Loch Garman)
Éadan Doire, CLG (Uíbh Fhailí)
Baile Buadáin, CLG (Áth Cliath)
Na Tánaistigh ag Babhta Ceannais Thrath na gCeist, CLG Éadan Doire