Tá an chéad bhabhta eile miondeontas d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha oscailte anois agus glacfar le hiarratas suas go dtí 5.00in ar an Aoine, 18 Meán Fómhair, 2020. Scéim deontais í seo do chlubanna (atá cláraithe leis an bhFondúireacht) ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Tá uasmhéid de €500 le fáil ón scéim seo agus cuireann an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón gciste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil.
Tionscadail ar leith a chuirfear i gcrích roimh dheireadh na bliana amháin a bheas incháilithe sa bhabhta seo. Glacfar le hiarratais le háiseanna teanga a cheannach, comharthaíocht bhuan Ghaeilge a chur in airde sa chlub, suíomh idirlín a aistriú, leabhair/dlúthdhioscaí a fhoilisiú, imeachtaí sóisialta Gaeilge a eagrú, srl…
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin mbabhta miondeontas seo is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifigigh Ghlór na nGael ag clg@glornangael.ie
Scéim tacaíochta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus ó Fhoras na Gaeilge í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhFondúireacht ag an nasc seo