Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

An Cú

Callum Quirke, Loch Garman, ag an bpoc fada i 2019 - ceann de thraidisiúin ársa de chuid na nGael

Callum Quirke, Loch Garman, ag an bpoc fada i 2019 - ceann de thraidisiúin ársa de chuid na nGael

Seo chugaibh an dán iontach 'An Cú' a scríobh Caitríona Ní Mhathúna ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, contae na Gaillimhe. Bhuaigh Caitríona an chéad áit sa chatagóir sóisearach de chomórtas scríbhneoireachta Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh a eagraíodh le gairid. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil bua na scríbhneoireachta go smior i gCaitríona ón dán iontach seo ina n-insítear dúinn faoin gcaoi a bhfuair Cú Chulainn a ainm!

An Cú
Fadó, fadó thuas ó thuaidh,
Bhí buachaill óg a sheas amach ón slua,
Bhí iomáint go cinnte i gceartlár a chroí,
Ag lascadh ‘s ag tarraingt fud fad na hoí',
Fuair sé cuireadh Tigh Chulainn ag féasta,
Áit a bhí plódaithe le huaisle a bhí gléasta,
Faraor bhí Setanta beagáinín mall,
Bhí sé ag teacht ó chluiche iománaíochta a bhí ar an bpáirc thall,
Rinne Culann dearmad go raibh Setanta ar an mbealach,
Is scaoil sé an cú fiáin amach faoin ngealach,
‘Is Setanta ag siúl, chuala sé ’n liú
‘Is bhí a fhios aige ar an bpointe gur ann a bhí an cú,
Go tobann bhí Setanta óg faoi ionsaí,
Is cú damanta a ríocht aige, ag léimt thar na sconsaí,
Lasc sé an sliotar chomh láidir le tarbh,
‘Is gan mhoill bhí an cú millteanach marbh,
Chuala na huaisle an cú ag déanamh gleo,
Is rith siad amach ag ceapadh nach mbeadh Setanta beo,
Nuair a bhí siad taobh amuigh scread bean ghalánta “FÉACH!”
Agus is ann a bhí Setanta ag seasamh ar nós laoch,
Bhí ríméad ar chách cé go raibh Culann croíbhriste,
Ach ansin tháinig Setanta suas le plean cliste,
“Beidh mise mar chú agat agus déanfaidh mé íobairt le thú a chosaint”
Agus ina dhiaidh sin bhaist siad air, an t-ainm Cú Chulainn.