Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge, CLG, Fergal Whitely, Ambasadóir Gaeilge CLG, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, agus Ellen Curtin, Gaelchultúr, i bPáirc an Chrócaigh le déanaí
Tá sé fógartha le déanaí ag Gaelchultúr Teo i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil 50 scoláireacht ar fáil do bhaill de chuid Chumann Lúthchleas Gael thar lear le freastal ar ranganna Gaeilge de chuid Gaelchultúir. Ba mhór an t-iontas agus an dea-scéal é don dá mhóreagras náisiúnta an líon spéise a léiríodh sna scoláireachtaí ó fógraíodh iad coicís ó shin. Os cionn 200 imreoir ar fad ó 72 thír a léirigh suim sna ranganna agus déanfar teagmháil leo siúd ar éirigh leo scoláireacht a bhaint amach sna laethanta amach romhainn. Dáilfear na scoláireachtaí ar bhaill ón líon is mó clubanna agus is féidir.
Agus é ag caint faoi na deiseanna scoláireachta seo do bhaill thar lear, dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, go raibh sceitimíní air maidir leis an gcomhpháirtíocht seo:
‘Bhí sé mar sprioc ag CLG i dtólamh pobal agus féiniúlacht a chothú, agus tá ár gceangal leis an Ghaeilge lárnach san aidhm seo. Trí na scoláireachtaí seo, léireoidh ár n-imreoirí agus ár mbaill trí eiseamláir gur cuid bheo dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus gur cheart dúinn í a cheiliúradh agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.’
D’aontaigh Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir le tuairimí Uachtarán CLG:
‘Is cuid lárnach í an Ghaeilge d’fhéiniúlacht, d’oidhreacht agus do phobal an CLG. Trí na scoláireachtaí seo, tacaíonn Gaelchultúr le himreoirí CLG ar fud an domhain a gceangal leis an teanga, rud atá ag croílár ár gcluichí agus ár gcultúr, a neartú. Trí chúrsaí Gaeilge saor in aisce a thairiscint do bhaill chlubanna ar fud an domhain, cinnteoimid go n-éireoidh leis an teanga cibé áit a n-imrítear cluichí Gaelacha. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh imreoirí ar an aistear seo agus an nasc idir ár dteanga agus pobal CLG a dhoimhniú.’
Dúirt Ciarán Mac Lochlainn, Cathaoirleach Chomhairle Dhomhanda CLG:
‘Tá muid iontach sásta leis an chomhpháirtíocht seo le Gaelchultúr agus leis na deiseanna a thabharfaidh sí do Ghaeil thar lear an Ghaeilge a fhoghlaim. Is ábhar bróid iad do CLG na clubanna atá scaipthe ar fud an domhain rud a thugann deis do bhaill ceangal a choinneáil lenár gcluichí agus sa chás seo lenár dteanga, fosta.’
Cuireann Gaelchultúr cúrsaí ar fáil do gach leibhéal cumais, cúrsaí atá dírithe ar ghlantosaitheoirí agus ar chainteoirí cumasacha araon. Cuirfear tús leis na cúrsaí seo an tseachtain dár tús an 10 Márta. Beidh deis ag na foghlaimeoirí freastal ar ranganna idirghníomhacha beo ar líne le linn an chúrsa agus tabharfar rochtain dóibh ar chláir foghlama féintreoraithe chomh maith, le go bhféadfaí scileanna teanga a fhorbairt sna ranganna beo agus go neamhspleách ar a luas féin, cibé áit ar domhan a bhfuil siad lonnaithe.