Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

An t-aicsean uilig ó chéad bhabhta Chraobhacha Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair

Bhí tús buacach ag Sligeach le Craobh Chorn Niocláis Mhic Riocaird nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Lú le cúig chúilín ar an deireadh seachtaine

Bhí tús buacach ag Sligeach le Craobh Chorn Niocláis Mhic Riocaird nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Lú le cúig chúilín ar an deireadh seachtaine

Le Jamie Ó Tuama

Imríodh an chéad bhabhta cluichí i gCraobhchomórtais Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair ar an deireadh seachtaine.

Bhí trí chluiche ar fad i gCraobh Chorn Chríostóir Uí Rinn agus bhí buanna ag Cill Mhantáin, ag Londain agus ag Doire ar Thír Eoghain, ar an Mí agus ar Dhún na nGall.

I mBaile Átha Troim, i gcontae na Mí, bhí an lámh in uachtar ag líne lántosaithe Londan ar chúlaithe na Mí ach go háirithe. 12 cúilín ar fad a bhí idir na foirne sa deireadh. Cé nár stop iománaithe na Mí ag imirt go dtí an fhead deiridh, bhí an dochar déanta sa chéad leath nuair a d’éirigh leis na cuairteoirí ceithre chúl a aimsiú ó Paul Kennedy (péire), Conor O’Carroll agus ó Jack Morrissey. D’aimsigh Morrissey cúl eile do Londain sa dara leath. Ba é cruinneas Jack Regan ó phocanna saora a choinnigh clár na scór ag bogadh don Mhí. Chríochnaigh Regan le 0-11.

Bhí Cill Mhantáin róláidir do Thír Eoghain in Eachroim, áit a raibh cúig chúilín le spáráil acu ar a gcéilí comhraic. Thug siad taispeántas maith uatha agus bhí siad chun tosaigh ar scór 1-12 go dtí 0-09 ag leath ama. D’éirigh le Tír Eoghain cruth níos fearr a chur ar chlár na scór nuair a d’aimsigh siad dhá chúl sa cheathrú deireanach ó Kiefer Morgan agus ó Aidan Kelly. Ba é Pádraig Doran a d’aimsigh cúl Chill Mhantáin sa chéad leath.

Fuair Doire an ceann is fearr ar Dhún na nGall i bPáirc na nGael, Doire, sa chluiche eile i imríodh i gCraobh Chorn Chríostóir Uí Rinn. Ba iad Dún na nGall a bhí chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 1-09 go dtí 1-08 ach tháinig an fhoireann baile amach go láidir sa dara leath le bua ceithre chúilín a fháil ar a gcéilí comhraic. 1-09 uilig a'aimsigh Christy McNaughton do Dhoire. Scór deiridh: Doire 1-21 Dún na nGall 1-17.

Bhí buanna ag Maigh Eo ar Ros Comáin agus ag Sligeach ar Lú i gCraobh Chorn Niocláis Mhic Riocaird. Bhí bua aon chúilín amháin ag Ard Mhacha ar Fhear Manach i bPáirc Brewster sa chluiche eile, a imríodh Dé Domhnaigh. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 1-13 go dtí 0-15.

Bhí buanna compordacha ag an Longfort, ag Muineachán agus ag an gCabhán ar Lancaisír, ar Liatroim agus ar Warwickshire i gCraobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair.

Torthaí i gCraobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn

Cill Mhantáin 1-24 Tír Eoghain 2-16

Londain 5-18 An Mhí 0-21

Doire 1-21 Dún na nGall 1-17

Torthaí i gCraobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird

Maigh Eo 1-21 Ros Comáin 1-14

Sligeach 0-20 Lú 0-15

Ard Mhacha 1-13 Fear Manach 0-15

Torthaí i gCraobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair

An Longfort 4-21 Lancaisír 0-16

Muineachán 2-13 Liatroim 0-09

An Cabhán 4-32 Warwickshire 1-11