Ionadaithe ó chuid de na clubanna a ghlac páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2024 i gCill na Martra
Le Jamie Ó Tuama
Rinneadh an tarraingt do Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ag cruinniú cinn bhliana an Chomórtais Dé Sathairn seo caite in Óstán Maldron, Uarán Mór, Contae na Gaillimhe.
Cúig chomórtas ar fad a imreofar ag Comórtas Peile na Gaeltachta i nGaeltacht Ráth Chairn i mbliana – Comórtais Shóisear agus Shinsear na bhFear chomh maith le Comórtais Shóisear, Idirmheánach agus Shinsear na mBan.
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl le linn dheireadh seachtaine na Cincíse idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh, 2025. Beidh réamhbhabhtaí agus comórtais áitiúla na gcontaetha éagsúla ar siúl uaidh seo go ceann cúpla mí.
Is mar seo a leanas a bheidh leagan amach chomórtais na bliana seo:
Comórtas Sóisear na bhFear
Réamhbhabhta
1 Laochra Loch Lao (Aontroim) v Na Gaeil Óga (Áth Cliath)
2 Corcaigh v Gaillimh
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Dún na nGall v Ciarraí
B An Seanphobal (Port Láirge) v Maigh Eo
C 1 v 2
D Clann na nGael (An Mhí)
Cluichí Leathcheannais
A v C
B v D
Comórtas Sóisear na mBan
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Dún na nGall v Gaillimh
B Clann na nGael (An Mhí) v Na Gaeil Óga (Áth Cliath)
C Bhulf Tón (An Mhí) v Laochra Loch Lao (Aontroim)
D Maigh Eo
Cluichí Leathcheannais
B v A
C v Maigh Eo
Comórtas Idirmheánach na mBan
Cluichí Leathcheannais
Dún na nGall v Gaillimh
Corcaigh v Ciarraí
Comórtas Sinsear na mBan
Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) v Dún na nGall
Comórtas Sinsear na bhFear
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Ciarraí v Dún na nGall
B Bhulf Tón (An Mhí) v An Rinn (Port Láirge)
C Gaillimh v Corcaigh
D Maigh Eo v Tánaistí na Gaillimhe/Dhún na nGall
Cluichí Leathcheannais
A v D
B v C