Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí – Ár dTeanga faoi chaibidil ag Tionól Chairbre

Ár gCluichí - Ár dTeanga

Ár gCluichí - Ár dTeanga

Le Jamie Ó Tuama

Beidh an téama ‘Ár gCluichí – Ár dTeanga’ á phlé ag Tionól Chairbre an deireadh seachtaine seo in Óstán West Cork sa Sciobairín, 7 agus 8 Nollaig. Tosóidh an tionól seo, atá á eagrú ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge, ar 7.30 tráthnóna Dé hAoine.

I measc na gcainteoirí éagsúla a bheidh ann beidh Seosamh Mac Donncha, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, Diarmaid Breathnach, Oifigeach Gaeilge agus Cultúir, Coiste Contae CLG Chorcaí, Eoghan Ó Dálaigh, údar staire agus Éamonn Ó Riain iarbhainisteoir fhoireann peile na mban, Corcaigh, i measc go leor leor eile.

Labhróidh Seosamh Mac Donncha tráthnóna Dé hAoine ar 8.00pm ar ‘Áit na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus áit an Chumainn sa Ghaeilge – Fís don Todhchaí’. Déanfaidh sé cur síos ar roinnt mhaith de na rudaí atá beartaithe ag an gCumann don Ghaeilge sna blianta amach romhainn.

Labhróidh Diarmaid Breathnach ar an téama ‘An Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael’ ar 10.30am, Dé Sathairn. Beidh Eoghan Ó Dálaigh ag caint ar shaol agus ar shaothar Sam Maguire ina dhiaidh sin agus cuirfidh Éamonn Ó Riain clabhsúr leis an tionól lena chaint ar ‘An Ceangal sa Dúchas’. Is ar 11.30 a bheidh Eoghan ag caint agus labhróidh Éamonn ar 2.30.

Tá spásanna agus lóistín fós ar fáil do Thionól Chairbre ach teagmháil a dhéanamh le lucht an óstáin ag www.westcorkhotel.com nó ar 028 21277.