Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra #10 – Richie Hogan

Laoch Mór na gCat, Richie Hogan

Laoch Mór na gCat, Richie Hogan

Céard is féidir a rá faoi Richie Hogan, laoch mór Dhún Feart agus Chill Chainnigh, nach bhfuil ráite cheana féin? Tá Craobh Domhanda buaite aige sa liathróid láimhe. Tá ocht gcinn de Chraobhacha Laighean buaite aige, ceithre cinn de Ghradaim All-Star agus seacht gcinn de Chraobhacha Uile-Éireann. Ainmníodh é mar ‘Imreoir na Bliana’ sa bhliain 2014. Ní gá aon rud eile a rá!

Seo mar a d’fhreagair Richie ár gcuid ceisteanna san eagrán is deireanaí seo den tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’!

Ainm: Richie Hogan nó Risteard Ó hÓgáin

Aois: 31

Slí bheatha: Bainisteoir Tráchtála

Club: Dún Feart

Contae: Cill Chainnigh

An scannán is fearr leat? Training Day

An banna ceoil is fearr leat? Mick Flavin

An áit is fearr leat? Glinnte Aontroma

An bia is fearr leat? Stéig agus sceallóga

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt le mo dheartháir i mo bhunscoil

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: DJ Carey

An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2008 in aghaidh Aontroma

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Tommy Walsh

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Padraic Maher

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais na hÉireann 2014

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: An chéad uair a d’imir mé i gCluiche Ceannais na hÉireann leis an bhfoireann shinsearach sa bhliain 2007

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Cluiche Ceannais an Chontae i 2006

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: M'athair Seán

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bí ag cleachtadh na scileanna bunúsacha an t-am ar fad.

Aon chaitheamh aimsire eile? Liathróid Láimhe nó a bheith ag imirt gailf ó am go ham

Gluais / Glossary

Dún Feart – Danesfort    Craobh Domhanda – World Championship    Gradam – Award    Imreoir na Bliana – Player of The Year    Eagrán – Edition      Sraith – Series     Bainisteoir Tráchtála – Commercial Manager    Glinnte Aontroma – Glens of Antrim    Scileanna Bunúsacha – Basic Skills