Is é Fergal Whitely, iománaí óg Chill Mochuda na Crócaigh agus Átha Cliath, an duine is deireanaí le gabháil faoin spotsholas mar chuid den tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Tá Fergal ag imirt mar thosach le foireann Mattie Kenny le roinnt blianta anuas agus is féidir brath air i gcónaí le scóranna tábhachtacha a aimsiú do na Dubs.
Ní hamháin go bhfuil Fergal ina mháistir ar an gcamán ach píobaire den scoth é, freisin!
''Bíonn ról lárnach ag an nGaeilge i mo shaol. D’fhás an grá don teanga sna sé bliana a chaith mé sa mheánscoil i gColáiste Eoin. Nuair a éiríonn liom mo chéim sa choláiste a bhaint amach, ba bhreá liom post a fháil i nGaelscoil mar mhúinteoir bunscoile.''
Fergal Whitely, Márta, 2020
Ainm: Fergal Whitely
Aois: 22
Slí bheatha: Mac Léinn
Club: Cill Mochuda na Crócaigh
Contae: Áth Cliath
Club nó contae? Club
An scannán is fearr leat? The Fox and the Hound
An banna ceoil is fearr leat? The Bonny Men
An áit is fearr leat? Courleigh, Co. Cill Chainnaigh
An bia is fearr leat? Píotsa
An clár teilifíse is fearr leat? Premier League Years
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt le mo dhaid sa ghairdín
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: David ‘Dotsy’ O’Callaghan
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Gaillimh 2017
An t-imreoir is fearr a d’imir leat: David ‘Dotsy’ O’Callaghan
An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Tony Kelly
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Craobh f21 don chlub
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Bua i gcoinne na Gaillimhe i 2019
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Craobh faoi 21 a bhuachaint
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Gan aon dabht - Ross Ó Cearbhaill
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Creid ionat féin
An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Bheadh suim agam!
Aon chaitheamh aimsire eile? Ag seinm na bpíob uilleann, buille agus amas
Gluais / Glossary
Tosach – forwardscóranna tábhachtacha – important scorespíobaire – piper den scoth – of the bestcéim – degreei gcoinne – againstcreid ionat féin – believe in yourselfbíb uilleann – uilleann pipesbuille agus amas – pitch and putt