Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra #13 – Seán Ó Maoilchiaráin

Seán Ó Maoilchiaráin, Laoch Óg Inis Mór agus na Gaillimhe

Seán Ó Maoilchiaráin, Laoch Óg Inis Mór agus na Gaillimhe

San eagrán is deireanaí seo de ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’ cuireann muid 20 ceist ar laoch óg Oileáin Árann agus na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin. D’imir Seán a chéad chluiche sraithe le Gaillimh in aghaidh Mhuineacháin ag tús na sraithe i mbliana agus is ó neart go neart atá sé ag gabháil ó shin i leith. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil todhchaí bhreá i ndán don lánchúlaí iontach seo lena chlub agus lena chontae.

Ní hamháin go bhfuil bua na peile ag fear Árann ach is damhsóir, amhránaí agus ceoltóir den chéad scoth é, freisin!

‘‘Sí an Ghaeilge mo theanga dhúchais. D’fhás mé suas ag labhairt Gaeilge i gcónaí agus ní fhéadfainn smaoiniú gan í a labhairt. Is údar mórtais é dhom a bheith ag labhairt Gaeilge.’’

(Seán Ó Maoilchiaráin, Aibreán 2020)

Is mar seo a leanas a d’fhreagair Seán ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Seán Ó Maoilchiaráin

Aois: 20

Slí bheatha: Mac léinn NUIG

Club: CLG Oileáin Árann

Contae: Gaillimh

Club nó contae? Club

An scannán is fearr leat? The Longest Yard

An banna ceoil is fearr leat? The Coronas

An áit is fearr leat? Inis Oírr

An bia is fearr leat? Bradán

An clár teilifíse is fearr leat? Impactical Jokers

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile amuigh sa ngarraí os comhair an tí

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Pádraig Joyce/ Micheal Meehan

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Faoi 14 – Blitz

An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Colm Diego Brennan, ó mo chlub fhéin

An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: David Clifford

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Leathcheannais Sigerson 2018

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Mo chéad chluiche sraithe don fhoireann shinsir i gcoinne Mhuineacháin i Staid an Phiarsaigh i mbliana.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: A bheith ag imirt i Roinn a hAon sa tsraith i mbliana den chéad uair i riamh.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo mhuintir.

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Cleachtadh a dhéanamh ar na scileanna bunúsacha.

An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Bheadh suim agam ann ach tá sé i bhfad uaim go fóill!

Aon chaitheamh aimsire eile? Is breá liom a bheith ag casadh ceoil. Casaim an bainseó agus an giotár.

Gluais / Glossary

eagrán – edition céad chluiche sraithe – first league match ó neart go neart – from strength to strength amhras – doubt todhchaí bhreá – bright future i ndán – destiny lanchúlaí – fullback bua na peile – gift of football den chéad scoth – of the best teanga dhúchais – native language údar mórtais – source of pride sa ngarrai – in the garden Staid an Phiarsaigh – Pearce Stadium mo mhuintir – my family scileanna bunúsacha – basic skills ag casadh ceoil – playing music bainseó – banjo giotár – guitar