Is tosaí an-tábhachtach é Ryan O’Rourke do pheileadóirí Liatroma agus bhí sé lárnach sa dul chun cinn a rinne a chontae anuraidh nuair a d’éirigh leo Roinn 3 den tSraith Náisiúnta Peile a bhaint amach. D’aimsigh sé go leor scóranna tábhachtacha, idir chúil agus chúilíní, le linn na sraithe sin agus níl aon amhras ach go raibh tionchar mór ag na scóranna sin ar an mbliain iontach a bhí acu.
In ainneoin nach bhfuil Ryan ach 22 bliain d’aois, seo é an cúigiú bliain i ndiaidh a chéile dó a bheith ag imirt lena chontae. Bhí sé mar chuid de fhoireann mionúir Liatroma a bhuaigh Sraith Mionúir Chonnacht sa bhliain 2014. Is cinnte go bhfuil laethanta móra maithe amach roimhe an réalta óg seo i ndathanna Liatroma.
‘’Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile agus tá an Ghaeilge an-tábhachtach ar scoil anois. Úsáidtear ár dteanga i gCumann lúthchleas Gael agus is iontach an rud é sin mar tá sé tábhachtach an teanga a choinneáil beo inár gcluichí dúchasacha.’’
(Ryan O’Rourke, Bealtaine 2020)
Is mar seo a leanas a d’fhreagair Ryan ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Rian Ó Ruairc
Aois: 22
Slí bheatha: Múinteoir bunscoile
Club: Fiodhnach Naomh Caillin
Contae: Liatroim
Club nó contae? Club
An scannán is fearr leat? Wolf of Wall Street
An banna ceoil is fearr leat? Oasis
An áit is fearr leat? Liatroim
An bia is fearr leat? Stéig
An clár teilifíse is fearr leat? Peaky Blinders
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile timpeall mo thí agus sa ghairdín.
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Peter Canavan
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Faoi 14
An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Paddy Maguire
An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Jamie Clarke
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Mo chéad chluiche le Liatroim in aghaidh Chill Mhantáin
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Ardú céime an bhliain seo caite le mo chontae
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Nuair a bhuamar an cluiche ceannais sa chraobhchomórtas idirmheánach 2018
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: M'athair
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Cleachtadh, cleachtadh, cleachtadh agus tú i d’aonar.
An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Cinnte, bheadh súil agam.
Aon chaitheamh aimsire eile? Ag féachaint ar Netflix agus aon spórt ar TG4 no Eir Sport
Gluais / Glossary
tosaí / forward an-tábhachtach – very important lárnach – central níl aon amhras – there is no doubt cluichí dúchasacha – native games ardú céime – promotion chraobhchomórtas idirmheánach – intermediate championship cleachtadh – practice i d’aonar – alone