Faoin spotsholas an tseachtain seo sa tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’, tá laoch óg Ghaoth Dobhair agus Dhún na nGall, Ódhrán Mac Phaidín Ó Fearraigh. Níl an saighdiúir óg seo ach 22 ach cheana féin tá go leor bainte amach aige lena chontae agus lena chlub.
Bhí sé lárnach i mbuanna a chlub, CLG Ghaoth Dobhair, nuair a d’éirigh leo gabháil a fhad le Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann i 2019 agus bhuaigh sé Craobh Uladh leis na Conallaigh ina chéad bhliain ag imirt lena chontae, anuraidh.
Roghnaíodh Ódhrán ar fhoireann na Gaeltachta ar phodchraoladh oifigiúil Chumann Luthchleas Gael le gairid. Is féidir ésiteach leis an gclár anseo:
Seo thíos mar a d’fhreagair Ódhrán ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Ódhrán Mac Phaidín Ó Fearraigh
Aois: 22
Slí bheatha: Saighdiúir
Club: CLG Ghaoth Dobhair
Contae: Dún na nGall
Club nó contae? Club
An scannán is fearr leat? Flag Of Our Fathers
An banna ceoil is fearr leat? Na Highwaymen
An áit is fearr leat? Meiriceá
An bia is fearr leat? Stéig agus Prátaí
An clár teilifíse is fearr leat? Bear Grylls Born Survivor
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag baint Chorn Mhatt Uí Chnáimhsí faoi 12
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Neil McGee
An chéad uair ar imir tú le do chontae: F15 in éadan Dhoire
An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Ódhrán Mac Niallais
An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Micheál Ó Murchú
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais Uladh in éadan na Botha
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae: Cluiche Ceannais Uladh in éadan an Chabháin
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Cluiche Ceannais Uladh in éadan na Botha
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Tom Beag Mac Giolla Easpuig
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Coinnigh do chloigeann síos i rith an ama!
An mbeadh suim agat a bheith i do chóitseálaí/bhainisteoir amach anseo? Ní bheadh, caithim go leor ama ag imirt!
Aon chaitheamh aimsire eile? Ag surfáil, motocross agus ag sealgaireacht
Gluais / Glossary
Spotsholas – spotlight saighdiúir – soldier lárnach – central Conallaigh – natives of Donegalpodchraoladh – podcast ag baint – winning in éadan – against An Bhoth – Scotstown ag sealgaireacht – hunting