Ceapadh Paul Conroy mar Ambasadóir ar fheachtas Chumann Lúthchleas Gael don Fháinne níos luaithe sa mbliain. Tá Paul ar dhuine de na himreoirí lár páirce is fearr agus is aitheanta sa tír agus é ag tús cadhnaíochta do pheileadóirí na Gaillimhe le tamall de bhlianta anuas.
‘Tá an Ghaeilge an-tábhachtach domsa. Labhraim í gach lá. Tá an Fáinne go hiontach mar is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat tá Fáinne ann do gach leibhéal.’
Paul Conroy, Márta, 2019
Chuir muid roinnt ‘ceisteanna sciobthaí’ ar Paul ag an ócáid sin thuas mar chuid den tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Is mar seo a leanas a d’fhreagair sé iad:
Ainm: Pól Ó Conaire
Aois: 29
Club: C.L.G. Naomh Séamus
Contae: Gaillimh
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Pádraig Joyce / Micheal Meehan
An chéad chuimhne CLG a bhí agat: Ag féachaint ar Ghaillimh i 1998
An chéad uair a d’imir tú le do chontae: Faoi 14 i 2003
An t-imreoir is fearr a d’imir leat: Pádraig Joyce / Micheal Meehan
An t-imreoir is fearr a d’imir i do aghaidh: Darragh Ó Sé, Ciarraí
Buaicphointe agus tú ag imirt le do chontae go dtí seo: Dhá ainmniúchán faighte agam le haghaidh Ghradam All-Star agus d’imir mé le hÉirinn i ‘Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta’ i gcoinne na hAstrála
Buaicphointe agus tú ag imirt le do chlub go dtí seo: Nuair a bhuaigh muid Craobh Idirmheánach na Gaillimhe sa mbliain 2010
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Oibrigh go crua ar do chuid laigí
Aon chaitheamh aimsire eile? Galf
Gluais / Glossary
Feachtas – campaign Is aitheanta – most recognisable Ag tús cadhnaíochta – leading the flight / to the fore Ceisteanna sciobthaí – Quick fire questions Ócáid - event Sraith – series Ainmniúchán – nomination Gradam – award Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta – International Rules Series Laigí – Weaknesses