San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Éamon Óg Ó Donnchadha, iománaí óg de chuid na Mí, atá réidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla a bhaineann le Corn Chríostóir Uí Rinn a bhuachan lena chontae.
‘Tá an Ghaeilge fíorthábhachtach i mo shaol mar is cuid lárnach de mo theaghlach, mo phearsantacht agus mo chultúr í agus cuireann sé ríméad orm go bhfuil sí agam agus go bhfuil mé in ann í a labhairt le daoine eile.’
Éamon Óg Ó Donnchadha, Bealtaine 2019
Cuir aithne níos fearr ar fhear Ghaeltacht Ráth Chairn anseo thíos!
Ainm: Éamon Óg Ó Donnchadha
Aois: 22
Club: Clann na nGael
Contae: An Mhí
An scannán is fearr leat? Aon cheann ó shraith Harry Potter.
An banna ceoil is fearr leat? Lúnasa.
An áit is fearr leat? An Fhrainc.
An bia is fearr leat? Bradán.
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Eoin Kelly (Tiobraid Árann).
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag traenáil faoi 10 sa pháirc i Ráth Chairn.
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Anuraidh.
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Damien Healy.
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Tommy ’Jogger’ Doyle.
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais Chraobh na Mionúr leis an gclub.
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Mo chéad chluiche craoibhe _a_g imirt leis an gcontae anuraidh i gcoinne Aontroma.
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Corn Idirmheánach na Mí a bhuachaint, corn faoi 21 agus corn na mionúr a bhuachaint sa bhliain chéanna.
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo athair agus Ciarán Mac Donncha.
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Taitneamh a bhaint as chuile chluiche agus is fearrde obair chrua ná tallann i gcónaí!
Aon chaitheamh aimsire eile? Is breá liom a bheith ag casadh ceoil. Casaim na píobaí uilleann agus an fheadóg mhór.
Gluais – Glossary
aghaidh a thabhairt – to face dúshláin éagsúla – different challenges pearsantacht – personality ríméad – to be glad Bradán – Salmon Cluiche Craoibhe **–** Championship Match Píobaí Uilleann – Uilleann Pipes Feadóg Mhór – Flute