San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist ar Niall Ó Muineachán, laoch mór iomána de chuid CLG Chill Droichid agus Chill Dara. Tá os cionn deich mbliana caite aige ag imirt lena chontae agus é mar cheannaire mór i measc na gcúlaithe ar an bhfoireann. Dar ndóigh, ba é Niall a bhí mar chaptaen ar Chill Dara nuair a bhuaigh siad Corn Chriostóir Uí Rinn thiar sa bhliain 2014.
Bhí an Gaeilge lárnach i mo shaol ó aois an-óg. Úsáidim Gaeilge go rialta nuair a bhím ag labhairt le mo chlann agus le mo chairde. Caithim an fáinne le bród.
Niall Ó Muineacháin, Bealtaine 2019
Cuir aithne níos fearr ar Niall anseo thíos!
Ainm: Niall Ó Muineacháin
Aois: 29
Club: Cill Driochid
Contae: Cill Dara
An scannán is fearr leat? The Goodfellas
An banna ceoil is fearr leat? Damien Dempsey
An áit is fearr leat? Cathair na Gaillimhe
An bia is fearr leat? Stéig
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Eoin Kelly as Tiobraid Árann
An chéad chuimhne CLG atá agat: Cluiche faoi 8 i gcoinne Ard Cloch
An chéad uair ar imir tú le do chontae: 2008
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Gerry Keagan
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Andy O’ Brien as Cill Mhantáin
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Craobh Chontae Chill Dara i 2018
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Bhí mé i mo chaptaen ar fhoireann Chill Dara nuair a bhuaigh muid Craobh Christy Ring i 2014
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Roghnaithe do fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAlban i 2015
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo dheartháir Fiachra
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Bain taithneamh as an turas agus úsáid an balla gach lá. Ní insíonn an balla bréaga!
Aon chaitheamh aimsire eile? Galf nuair a bíonn an t-am agam
Gluais / Glossary
eagrán is deireanaí – latest edition / laoch – hero / ceannaire – leader / Corn Chríostóir Uí Rinn – Christy Ring Cup / lárnach – central / Roghnaithe – selected / bréaga – lies