Is é Jarlath Óg Burns atá faoin spotsholas an tseachtain seo mar chuid den tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Tá an-pheil á himirt ag Jarly Óg le hArd Mhacha faoi láthair agus é lárnach i ngach rud maith atá á dhéanamh acu. Tá lucht leanta Chontae an Úlloird an-sásta go mbeidh a leithéid ag tús cadhnaíochta dóibh sna blianta amach romhainn.
‘Is í an Ghaeilge an teanga labhartha sa bhaile agam agus is breá liom é sin. Tá CLG go hiomlán ar son na Gaeilge agus tá mé bródúil a bheith i mo bhall de eagraíocht a bhfuil luach mar sin aici.’
Jarlath Óg Burns, Meitheamh 2019
Seo mar a d’fhreagair Jarlath ár gcuid ceisteanna!
Ainm: Jarlath Óg Burns
Aois: 21
Club: Béal Átha an Airgid – Ard Mhacha
Contae: Ard Mhacha
An scannán is fearr leat? Avengers Infinity War
An banna ceoil is fearr leat? Linkin Park
An áit is fearr leat? Ard Mhacha Theas
An bia is fearr leat? Lasagne
An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Darragh Ó Sé
An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt peile amuigh sa chlós ar chúl an tí
An chéad uair ar imir tú le do chontae: Faoi 14 – Blitz a bhí ann
An t-imreoir is fearr le himirt leat: Aaron Duffy ó mo chlub féin
An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Seán Ó Sé
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Leathcheannais Chorn Mhic Ruairí 2016
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Níl sé tagtha fós!
Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Ardú céime dhá bhliain i ndiaidh a chéile
An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo athair
Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Déan cleachtadh ar na scileanna bunúsacha agus beidh tú i gceart
Aon chaitheamh aimsire eile? Dairteanna, galf, cispheil
Gluais / Glossary
lárnach – central Contae an Úlloird – Orchard County ag tús cadhnaíochta – to the fore teanga labhartha – spoken language eagraíocht – organisations luach – value Corn Mhic Ruairí – MacRory Cup ardú céime – promotion i ndiaidh a chéile – in a row cleachtadh – practice bunúsach – basic dairteanna - darts