Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra #9 - Cathal Barrett

Cathal Barrett - Laoch Mór na dTiobradach

Cathal Barrett - Laoch Mór na dTiobradach

San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist dheacra ar Cathal Barrett! Tá dhá Chraobh uile-Éireann buaite ag fear Mhainistir na Croise Naofa – Bealach Achaille – thiar sa bhliain 2016 agus arís eile i mbliana, dar ndóigh. Tá trí Ghradam All-Star buaite aige agus is laoch mór é de chuid lucht leanta na dTiobradach!

''Is í an Ghaeilge an fhéiniúlacht atá ag gach mac is iníon máthar atá ina gcónaí ar an oiléan seo''

(Cathal Barrett, 2019)

Seo thíos mar a d’fhreagair Cathal ár gcuid ceisteanna!

Ainm:  Cathal Ó Baróid

Aois:  Fiche sé

Club: Mainistir na Croise

Contae: Tiobraid Árann

An scannán is fearr leat? The green mile

An banna ceoil is fearr leat? Backstreet Boys

An áit is fearr leat? Páirc an Chrócaigh

An bia is fearr leat? Stéig agus oinniúin

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Eoin Kelly nó Tommy Walsh

An chéad chuimhne CLG atá agat: Foireann mo chlub nuair a bhí mé an-óg

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Nuair a bhí mé cúig bliana déag d'aois. D’imir mé f16 le Tiobraid Aránn.

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Paudie Maher nó Eoin Kelly

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: Henry Shefflin nó Patrick Horgan

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais na hÉireann dhá mhíle is a sé déag

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Cluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan i dhá mhíle is a sé déag

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Bhuaigh mé cluichí ceannais contae nuair a bhí mé níos óige.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Ba é mo athair an duine a d’imir an tionchar is mó ar mo shaol.

Aon chomhairle agat do imreoirí óga? Roghnaigh an bóthar níos lú i gcónaí!

Aon chaitheamh aimsire eile? Tá cúpla caitheamh aimsire agam. Is maith liom rugbaí, leadóg agus gailf.

Gluais / Glossary

Eagrán / edition    Mhainistir na Croise Naofa – Bealach Achaille / Holycross Ballycahill    Tiobradach / Tipperary person    Féiniúlacht / Identity    Saol Imeartha / Playing career    Tionchar / Influence    Roghnaigh / Choose