Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra - Shane O'Donnell

Shane O'Donnell le Corn Liam Mhic Cárthaigh tar éis don Chlár an ceann is fearr a fháil ar Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann

Shane O'Donnell le Corn Liam Mhic Cárthaigh tar éis don Chlár an ceann is fearr a fháil ar Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann

Roinneann Shane O'Donnell, iománaí na bliana 2024, roinnt smaointe ar an iománaíocht, an tábhacht a bhaineann le teaghlach, cairdeas agus obair foirne le hOifigeach Gaeilge na Mumhan, Aedín Ní Bhriain.

Ainm: Shane O’ Donnell

Club: Éire Óg, Inis, Contae an Chláir

Cén chéad chuimhne atá agat ar CLG?

Is cuimhin liom bheith ag imirt le Naomh Fhlannáin go dtí go raibh mé faoi 12, sin sula raibh acadamh faoi aois ag Éire Óg agus roinneadh Baile na hInse i gceithre chod. Mar sin, bhíos ag traenáil le go leor daoine a bhfuil mé fós cairdiúil leo. Bhíos fé 15 an chéad uair a d’imir mé don Chlár. An tráth sin, bhí mé ag imirt sa líne lánchúlaí.

Cérbh é an t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg?

Henry Shefflin — bhí sé mar chuid d’fhoireann Chill Chainnigh sna 2000í – Bhíodar dochreidte mar fhoireann.

Cé hé an t-imreoir is fearr leat a bheith ag imirt leis?

David Reidy — Imrím leis sa chlub agus ag leibhéal an Chontae.

Céard faoin imreoir is fearr ar imir tú ina choinne?

Conor Cleary (& sinn i mbun traenála) — tá sé chomh deacair é a mharcáil. Is maith liom a bheith ag imirt leis (ar an bhfoireann) mar, sa tslí sin, ní gá dom imirt ina choinne! Is duine iontach é freisin.

Cad é buaicphointe do shaoil imeartha go dtí seo?

An bua a bhí againn sa Chluiche Ceannais i mbliana (2024). Tá sé sin bunaithe ar mheascán d’ionchais i mbliana, ar thaithí go dtí seo agus ar ábhar díomá thar na blianta. Braitheann tú gurbh fhiú an 20 bliain a chaith tú ag imirt. Nuair a bhuamar i mbliana, tá tú ag caint faoi 10 nó 11 bliana ó bhuamar an uair dheireanach, ach nuair a bhuamar i 2013, b’shin mar a bhí ag an am, mar bhíomar ag buachan cluichí an t-am ar fad. Bhuamar go leor faoi aois, agus ansin bhuamar Cluiche Ceannais na hÉireann 2013. Bhí sé iontach ach níor thuigeamar fiú cad a bhí i gceist leis. Déarfainn ANOIS go dtuigim a bhfuil i gceist leis. Ní mór aoibhneas & sásamh a bhaint as - 100 %!

Cé hé an duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha?

Déarfainn go raibh beirt i gceist anseo— m’athair agus mo dheartháir Mark — is iadsan is cúis leis an áit ina bhfuilim maidir le hiomáint. Mo Dhaid — ó thaobh na hiománaíochta de — ó lá go lá, an t-am ar fad. Déanann sé mo chuid camáin go léir.

Bhí Mark, mo dheartháir, seacht mbliana níos sine ná mise. Bhí sé mar bhall de na foirne go léir romham, foirne an Chláir, foirne Choláiste Fhlannáin. Bhuaigh sé Corn an Artaigh agus Craobh Uile-Éireann le Coláiste Fhlannáin. Mar sin, bhí bealach leagtha amach aige domsa & d’aithin daoine an t-ainm O DONNELL faoin am a bhí mé ag imirt, rud a chabhraíonn go mór i ndáiríre.

Aon chomhairle a bheadh agat d’imreoirí óga?

An príomhrud a theastaíonn uaim a chur in iúil ná nár cheart go mbraithfeá riamh gur gá duit staidéar a roghnú thar spórt nó a mhalairt . Ní gá rogha a dhéanamh idir an dá rud. I ndáiríre, comhcheanglaíonn siad go maith le chéile. Sa Mheánscoil, braitheann daoine áirithe go gcaithfidh siad stop a chur leis an iománaíocht toisc go bhfuil a dTeastas Sóisearach i gceann 3 mhí — tá an cineál sin ruda craiceáilte d’ár liom . Is cinnte gur féidir leat an dá thráth a fhreastal.

An bhfuil laoch spóirt agat lasmuigh den CLG?

Ag féachaint ar an Tour de France i mbliana, chuaigh na rothaithe a bhí ag glacadh páirte ann, cosúil le Wout Van Art, go mór i bhfeidhm orm.

Tá siad go léir dochreidte — is í an Obair Foirne atá suantasach ach go háirithe. Shíl mé i ndáiríre gur spórt aonair a bhí ann ach go tobann chíonn tú 5 leaid ag déanamh tréaniarrachta buachaill amháin a thabhairt suas go barr an tsléibhe! Tá siad go léir ar ardchaighdeán agus chomh dírithe ar an bhfoireann — tá sé dochreidte.

Agus ar deireadh, mar Oifigeach Gaeilge, ba mhaith liom ceist a chur ort faoin teanga — An mbeadh aon smaointe agat faoi thábhacht na Gaeilge?

Braithim bródúil as leibhéal éigin Gaeilge a bheith agam. Mhúin Gary Brennan (iar- pheileadóir le Contae an Chláir) mé don Ardteist i gColáiste Fhlannáin. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht faoi dhó le linn an tSamhraidh & mé i mo dhéagóir. Nuair a chloisim daoine ag plé ar chóir nó nár chóir an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar scoile, áitím i gcónaí gur chóir mar go mbraithim bródúil go bhfuil an teanga fós á caomhnú againn. Feicim mo Dhaid ag freastal ar ranganna Gaeilge sa chlub (Éire Óg) agus is breá liom triail a bhaint as comhrá Gaeilge a bheith agam leis.

Ag súil go mór leis an gcéad séasúr eile...

Tá mé ag súil go mór leis. Tá an iomáint faoi bhláth faoi láthair, leis an oiread sin foirne maithe.

Go raibh míle maith agat Shane — Imreoir na bliana 2024