Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

ÁR NDÚCHAS - ÁR NDÓCHAS

Tá Gaeilge Agam

Tá Gaeilge Agam

Le Réamonn Ó Ciaráin, Coiste Náisiúnta na Gaeilge

Tacóidh an Cumann go gníomhach leis an nGaeilge, damhsa, ceol, amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus le gnéithe eile de chultúr na hÉireann (Airteagal 1.4 (a) de Threoir Oifigiúil de CLG)

Chun an ról thuasluaite a chomhlíonadh tá struchtúr curtha i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre. Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge bunaithe le polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar an dóigh is éifeachtaí tríd an chumann go náisiúnta ag gach leibhéal. Anuas air sin, tá Oifigigh Ghaeilge ceaptha i ngach cúige agus i ngach contae. Tá sé riachtanach go mbeadh Oifigeach Gaeilge/Cultúir i ngach club ar fud na tíre fosta.

Tá sé d’aidhm ag Coiste Náisiúnta na Gaeilge láithreacht agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú san ábhar clóite, ar na meáin dhigiteacha, i ngnáthúsáid laethúil ag imirt na gcluichí chomh maith le linn imeachtaí eile ar nós Scór. Ba mhaith leis an gCoiste go mbeadh an Ghaeilge feiceálach agus cruinn agus í á húsáid ar ainmneacha na gclubanna, logainmneacha agus ainmneacha na n-imreoirí sna cláir ag gach leibhéal. Ceann de na feachtais is mó atá bunaithe maraon le Glór na nGael le beagnach dhá bhliain chun an Ghaeilge a spreagadh sna clubanna ná Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Is in ómós d’iar-Uachtarán CLG, Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016), a hainmníodh an Fhondúireacht. Cuireadh tús leis an scéim shuaitheanta seo sa bhliain 2016. Tá an scéim dírithe ar chlubanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná feachtais Ghaeilge a fhorbairt sna clubanna ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuireann Glór na nGael cuidiú airgid agus riaracháin ar fáil don Fhondúireacht chomh maith le comhairle, tacaíocht agus smaointe nua a eascraíonn as an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir deontais a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar boinn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga – breis eolais www.glornangael.ies.

Seo na baill reatha a cheap Uachtarán CLG ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge don tréimhse 2018 - 2021: 

Chun cabhair a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge, tá ábhar tacaíochta le híoslódáil ag www.gaa.ie/the-gaa/cultur-agus-gaeilge

Labhair í agus mairfidh sí.

Coiste Náisiúnta na Gaeilge

Seosamh Mac Donncha (Cathaoirleach), Cárna/Caiseal, Gaillimh

Cormac Ó Donnchú, Na Fianna, Áth Cliath

Cliodhna Ní Giolla Chearra, Naomh Colmcille, An Charraigh Mhór, Tír Eoghain

Réamonn Ó Ciaráin, Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin, Ard Mhacha

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, CLG Ghaoth Dobhair, Dún na nGall

Tomás Ó hAiniféin, Lios Póil, Ciarraí

Lorcán Mac Gabhann, Na Crócaigh, Cill Mochuda, Áth Cliath

Marc Ó Síocháin, Achadh Bolg, Corcaigh

Gabh i dteagmháil le Jamie Ó Tuama – Oifigeach Náistiúna na Gaeilge CLG