Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Athimirt Eile ar Chraobh Iomána Laighean i Sydney na hAstrála!

Corn na nGéanna Fiáine 2018

Corn na nGéanna Fiáine 2018

Le Jamie Ó Tuama

Imreoidh Cill Chainnigh in aghaidh na Gaillimhe sa chéad chluiche iománaíochta riamh ina mbronnfar Corn na nGéanna Fiáine nó The Wild Geese Trophy ar na buaiteoirí. Imreofar an cluiche seo i Staid Spotless i Sydney, Dé Domhnaigh seo chugainn, 11 Samhain, mar chuid de Fhéile Éireannach Sydney.

Beidh deis ag na mílte Éireannach atá lonnaithe san Astráil a gcultúr a cheiliúradh ag na bhféile seo agus beidh an cluiche mór seo mar chuid lárnach di.

Is minic a thugtar ardán don pheil Ghaelach san Astráil, ach mar a luaigh an tUachtarán, Seán Ó hÓráin, le gairid ní go rómhinic a thugtar ardán don iománaíocht inti. Tabharfaidh an cluiche seo deis do na hÉireannaigh san Astráil, agus do na hAstrálaigh féin ar ndóigh, cuid de na hiománaithe is fearr atá againn a fheiceáil.

D’imir an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile go deireanach i gCraobh Laighean na bliana seo agus bhí athimirt ag teastáil ó na Gaillimhigh leis an gceann is fearr a fháil ar na Cait. Is cinnte go mbeidh neart díocais le feiceáil ón dá fhoireann arís eile Dé Domhnaigh!

Craolfar an cluiche beo ar Fox Sports na hAstrála agus beidh na buaicphonití le feiceáil ar RTÉ 2 idir 8-9 tráthnóna Dé Domhnaigh.